Nuacht

An Gobharnóir Makhlouf i gCiarraí

14 Feabhra 2020 Preas Ráiteas

Central Bank of Ireland

 Thug Gobharnóir Bhanc Ceannais na hÉireann, Gabriel Makhlouf, cuairt inniu ar Thrá Lí agus ar Chill Orglan i gContae Chiarraí chun bualadh le daoine de lucht gnó an cheantair agus le mic léinn mar chuid de chlár for-rochtana an Bhainc Ceannais.

Le linn na bliana, bíonn an Gobharnóir agus baill foirne de chuid an Bhainc Ceannais ag taisteal ar fud na tíre chun éisteacht le tuairimí daoine éagsúla de mhuintir na hÉireann d’fhonn tuiscint a chothú agus bonn eolais a chur faoi obair an Bhainc Ceannais. 

Ag labhairt dó inniu, dúirt an Gobharnóir Makhlouf, “Tá lúcháir orm a bheith anseo i gCiarraí inniu chun bualadh le daoine as gach cuid den chontae.  Tríd an gclár for-rochtana atá againn, bímid ag caint le daoine as gach cuid d'Éirinn chun go gcloisfimid cé na nithe atá tábhachtach dóibh agus don phobal, go háirithe maidir le réimsí ina mbíonn tionchar ag obair an Bhainc Ceannais ar shaol na ndaoine.”

Lean sé air, “Is mór is fiú i gcónaí aird a thabhairt ar thuairimí na chéad ghlúine eile agus ba mhór agam an deis inniu bualadh le roinnt de shaoránaigh óga Chiarraí — daltaí as Meánscoil Chnocán Seabhac agus mic léinn de chuid Institiúid Teicneolaíochta Thrá Lí agus ceisteanna faoi obair an bhainc agus faoin ngeilleagar níos leithne a fhreagairt.  Bhí sé spéisiúil freisin foghlaim faoin RDI Hub agus plé a dhéanamh ar an obair a dhéanann Mol Nuálaíochta an Bhainc Ceannais.”

Le linn na cuairte, bhuail an Gobharnóir Makhlouf freisin le hionadaithe de ó Líonra Mhná Gnó Chiarraí agus Ionad Gorlainne Gnó Tom Crean mar ar chuala sé faoi fhorbairt gnó sa chontae.

Cuireadh tús leis an gcuairt i gCill Orglan, áit ar chuala sé faoi obair na heagraíochta maidir le fostaíocht a chruthú agus maidir le taighde agus forbairt in earnáil na teicneolaíochta airgeadais a éascú. Lean sé as sin go Trá Lí mar ar bhuail sé le daltaí as Meánscoil na Toirbhirte i gCnocán Seabhac agus mic léinn de chuid Institiúid Teicneolaíochta Thrá Lí.  Mhínigh sé obair an Bhainc Ceannais agus d'éist sé le tuairimí faoi réimsí spéise ógánaigh Chiarraí maidir leis an ngeilleagar agus an margadh saothair.

Nótaí:

Is pointe caidrimh faoi leith atá i Mol Nuálaíochta an Bhainc Ceannais do ghnólachtaí a bhfuil gnéithe nuálaíochta maidir le seirbhísí airgeadais, bunaithe ar theicneolaíochtaí nua, á bhforbairt nó á gcur i bhfeidhm acu.  Tugann an Mol Nuálaíochta deis nua do ghnólachtaí caidreamh a chothú leis an mBanc Ceannais taobh amuigh de na modhanna eile atá níos foirmeálta. Ó cuireadh an Mol Nuálaíochta ar bun i mí Aibreáin 2018, rinneadh teagmháil go díreach le 166 gnólacht agus le páirtithe leasmhara eile i dTeicneolaíocht an Airgeadais, lena n-áirítear daoine den lucht acadúil, lucht gorlainne, lucht luasaire agus rialtóirí eile.  Déanann gnólachtaí caidreamh leis an Mol Nuálaíochta chun an táirge atá i gceist acu a phlé agus chun ceisteanna a chur faoi pholasaí agus faoi chur chuige an Bhainc Ceannais maidir le nuálaíocht agus an próiseas údarúcháin. Is féidir le gnólachtaí ceisteanna a sheoladh chuig [email protected].