Téarnamh eacnamaíoch céimseach tuartha faoi réir rioscaí Covid-19 agus Brexit
06 Deireadh Fómhair 2020
Preas Ráiteas
- Tá an bhunghníomhaíocht eacnamaíoch intíre ag forbairt i gcomhréir, a bheag nó a mhór, leis an gcás bunlíne.
- Meastar go dtiocfaidh laghdú 7.3% ar an éileamh intíre i mbliana; agus tá laghdú 0.4% tuartha ar OTI.
- Ag glacadh leis go mbeidh an caidreamh trádála idir AE-RA bunaithe ar rialacha WTO, tá athbhreithniú anuas déanta ar an ionchas, go háirithe don bhliain 2021.
Tá an ceathrú Faisnéis Ráithiúil do 2020 foilsithe ag an mBanc Ceannais inniu. Tá athbhorradh éigin tagtha faoi ghníomhaíocht eacnamaíoch na hÉireann ón lag trá a bhí ann i mí Aibreáin-Bealtaine, de réir mar a athosclaíodh an geilleagar. Ach téarnamh páirteach míchothrom atá ann agus, i gcuid mhór cásanna, tá leibhéil na gníomhaíochta eacnamaíche atá dírithe ar an gcríoch baile go mór faoi bhun na leibhéal a bhí ann roimh an bpaindéim.
Ba mhór an éagsúlacht feidhmíochta a bhí ann idir neart na n-onnmhairí agus laige an éilimh intíre. Le hathléimneacht fhoriomlán an fháis ar onnmhairí, maolaíodh go mór an laghdú ar OTI, a thit 3% sa bhliain suas go dtí an dara ráithe, i gcodarsnacht leis an mbunéileamh intíre, a thit 16% i rith na tréimhse céanna. Meastar anois go dtiocfaidh laghdú 0.4% ar OTI in 2020, is é sin athbhreithniú 8.6 pointe céatadán aníos i gcomparáid le Faisnéis Ráithiúil 3 de 2020.
Faoi chás malartach ina mbeidh gá le srianta níos déine COVID-19 agus ina nglacfar leis go mbeidh meathlú ar an timpeallacht idirnáisiúnta a mhairfidh tamall fada, cuirfear srian agus moill leis an téarnamh eacnamaíoch agus beidh laghdú ar OTI i mbliana agus an bhliain seo chugainn, agus téarnamh maolaithe ina dhiaidh sin in 2022. Sa chás seo, meastar go dtiocfaidh laghdú 1.1% ar OTI i mbliana agus 0.3% an bhliain seo chugainn, agus meastar go dtiocfaidh laghdú 8.5% ar an mbunéileamh intíre in 2020 agus 1.3% in 2021.
Ar an iomlán, áfach, tá forbairt na gníomhaíochta eacnamaíche intíre le míonna beaga anuas ag teacht, a bheag nó a mhór, leis an gcás bunlíne a leagadh amach san Fhaisnéis Ráithiúil roimhe seo, sa mhéid go bhfuil forbairtí sa mhargadh saothair beagáinín níos laige ná mar a bhíothas ag súil leis, fad a d’éirigh beagáinín níos fearr le tomhaltas agus leis an mbunéileamh intíre.
Meastar go dtiocfaidh laghdú suntasach ar an mbunéileamh intíre in 2020, eadhon 7.3%, ach is ionann é sin agus athbhreithniú 2 phointe céatadán aníos i gcomparáid leis an bhFaisnéis Ráithiúil roimhe seo.
Do na blianta atá romhainn, glactar leis sa réamhaisnéis bunlíne nach n-éireoidh--++ ach go páirteach le hiarrachtaí chun srian a choinneáil ar COVID-19 agus go bhfanfaidh bearta imshrianta éagsúla i bhfeidhm agus, chomh maith leis sin, go mbeidh AE agus RA ag trádáil ar théarmaí WTO ón 1 Eanáir 2021 ar aghaidh.
Ag freagairt go príomha don toimhde maidir le Brexit, tá athbhreithniú anuas déanta ar an réamhaisnéisí bunlíne don fhás in 2021 agus 2022. Is dócha go ndéanfar aon chaillteanais a thiocfaidh chun cinn de bharr Brexit a thús-ualú i gcás caidreamh trádála ar théarmaí WTO, sa chaoi go mbainfear tuairim is 2 phointe céatadáin den fhás ar OTI in 2021 agus 0.3 pointe céatadáin in 2022 i gcomparáid lenár gcuid réamh-mheastachán roimhe seo a bhí bunaithe ar Chomhaontú Saorthrádála. Meastar anois go mbeidh fás 3.5% ar OTI in 2021 agus 4.7% in 2022. Agus an tionchar ar an ngeilleagar intíre á chur san áireamh, meastar go dtiocfaidh fás neamhthoirtéiseach 1.6% ar an mbunéileamh intíre in 2021, agus go méadóidh sé sin go dtí 4.8% an bhliain dar gcionn. Meastar go méadóidh an dífhostaíocht ó 5.3% in 2020 go dtí 8% in 2021, agus go laghdóidh sé sin arís go dtí 7.5% in 2022, is é sin le rá leibhéal níos airde ná an leibhéal de 5% a bhí ann roimh an ngéarchéim.
Is mór an tionchar atá ag na forbairtí seo ar staid fhioscach na hÉireann. Meastar go laghdóidh an t-iarmhéid rialtais ghinearálta ó bharrachas €1.4bn nó 0.7% den OIN* in 2019 (0.4% den OTI) go dtí easnamh €25.5bn nó 12.3% den OIN* i mbliana (7.5% den OTI).
Maidir leis an mbeartas fioscach, leagtar amach trí réimse san Fhaisnéis Ráithiúil ar cheart béim ar leith a leagan orthu. Ar an gcéad dul síos, ba cheart go dtacófaí le cumas táirgthe an gheilleagair agus go seachnófaí éifeachtaí díobhálacha, ar nós dífhostaíocht fhadtéarmach. Ar an dara dul síos, tá an méadú ar chóimheasa easnaimh agus fiachais inchosanta agus riachtanach agus tá an méadú sin inacmhainne faoi láthair; mar sin féin, ní mór gluaiseacht i ndeireadh na dála i dtreo leibhéil a bheidh níos ísle agus níos inbhuanaithe. Ar an tríú dul síos, ba cheart béim leanúnach a leagan ar an athléimneacht in aghaidh turraingí amach anseo a neartú, ar dhéileáil le Brexit, ar na dúshláin a bhaineann leis an athchóiriú cánach idirnáisiúnta, ar an athrú aeráide agus, san fhadtéarma, ar dhéimeagrafaic.
Tráth foilsithe na Faisnéise Ráithiúla, deir Mark Cassidy, an Stiúrthóir ar Eacnamaíocht agus Staidreamh, an méid seo a leanas: “Tá éiginnteacht mhór ag baint i gcónaí leis an ionchas. Beidh sé ag brath ní hamháin ar iarmhairtí eacnamaíocha phaindéim Covid-19 agus na mbeart sriantach, ach ar chineál agus ar thoradh na socruithe trádála amach anseo idir AE agus RA a mbaineann éiginnteacht shuntasach leo i gcónaí.”
Ag glacadh leis go mbeidh na bearta imshrianta spriocdhírithe agus nach mbeidh siad chomh dian céanna leis na bearta a cuireadh i bhfeidhm san Earrach, agus ag glacadh leis go rachaidh tomhaltóirí agus gnóthaí in oiriúint dóibh, tuartar sa réamhaisnéis bunlíne mar fhreagairt ar thurraing Covid-19 go leanfaidh gníomhaíocht de bheith ag teacht chuici féin go mall ó na leibhéil ísle gníomhaíochta a bhí ann roimhe seo, ach go bhféadfaidh go mbeidh céimeanna ar gcúl ann freisin.
Agus na réamhaisnéisí is déanaí seo á n-ullmhú, measadh go mbeadh sé stuama go ndéanfaí athrú orthu sa chaoi go nglacfaí leis go mbeadh AE agus RA ag trádáil ar théarmaí WTO ón 1 Eanáir. Le forbairt den sórt sin, mhéadófaí costais, chuirfí leis an éiginnteacht agus chuirfí isteach ar shreafaí trádála. Cé go mbeadh tionchar éagsúil i gceist sna hearnálacha agus sna réigiúin éagsúla, bhainfeadh sé den téarnamh atá tuartha don gheilleagar ina iomláine, go háirithe in 2021.”