Nuacht

Tuarascáil faoi Bhearna maidir le hÁrachas in aghaidh Tuilte foilsithe ag an mBanc Ceannais

14 Deireadh Fómhair 2024 Preas Ráiteas

Central Bank of Ireland

D’fhoilsigh Banc Ceannais na hÉireann inniu (Dé Luain, an 14 Deireadh Fómhair) Tuarascáil faoin mBearna maidir le hÁrachas in aghaidh Tuilte (PDF 1.13MB).

Tá árais chónaithe agus árais ghnó in Éirinn nach féidir leo árachas in aghaidh tuilte a fháil. Ciallaíonn sin go bhféadfadh, i gcás tuilte, easnamh tarlú idir an costas a tharraingíonn tuilte dáiríre agus an sciar den chostas sin a thagann faoi árachas. Sin atá i gceist leis an mbearna árachais maidir le tuilte.

D’fhéadfadh go dtarlódh, agus tarlaíonn dáiríre, teaghlaigh agus gnólachtaí a fhágáil faoi chaillteanas mór nach bhfuil faoi árachas mar gheall ar thuile mhór agus d’fhéadfadh go n-éileofaí ar an rialtas cúnamh airgid a chur ar fáil ina leith sin. Bheadh baol ann freisin go dtiocfadh míthoradh dá réir ar ghnéithe eile den chóras airgeadais, mar shampla trí chur isteach ar an teacht a bheadh ar chistí iasachta.

I bhfianaise ceisteanna móra eacnamaíochta agus sóisialta den chineál sin, agus an baol go dtarlódh cur isteach ar chobhsaíocht an chórais airgeadais, thug an Banc Ceannais faoi shaothar taighde maidir le cineál agus scála na bearna árachais maidir le damáiste ó thuilte in Éirinn le haird ar an gcás sa lá atá inniu ann agus ar an gcás mar a d’fhéadfadh a bheith i gceist tráth is faide anonn. I mbun na hanailíse dúinn, sonraíodh cé mhéad áras cónaithe agus áras gnó in Éirinn nach dócha a bheith á gcur faoi árachas in aghaidh damáiste ó tuilte. Ní thugtar san áireamh leis an obair anailíse an rogha a dhéanfadh duine faoi leith gan árachas a cheannach ach d’fhéadfadh sin freisin cur leis an mbearna maidir le hárachas in aghaidh damáiste ó thuilte.

Seo a leanas na príomhthorthaí a leagtar amach sa tuarascáil:

  • Bíonn deacracht faoi láthair tuairim is áras amháin as gach 20 áras a chur faoi árachas in aghaidh damáiste ó thuilte.
  • Meastar an meánchostas in aghaidh na bliana maidir le tuilte intíre (aibhneacha agus uisce dromchla) a bheith cothrom le €101m. D’fhéadfadh caillteanas trom a bheith i bhfad níos measa ná sin agus bítear ag tnúth le caillteanas de €510m tuairim is bliain amháin as gach 25 bliain.
  • Is é is dócha go dtarlóidh i bhfad níos mó báistí in Éirinn san am atá romhainn mar gheall ar athrú aeráide, ionas gur minice is dócha tuilte tarlú agus go bhféadfadh leathnú a theacht ar an mbearna.

Tar éis caidreamh a chothú le páirtithe leasmhara príomhthábhachta, lucht thionscal an árachais agus oifigigh na Roinne Airgeadais agus Oifig na nOibreacha Poiblí ina meas, a cuireadh an tuarascáil le chéile.

Deir an Leas-Ghobharnóir Sharon Donnery: “D’fhéadfadh, mar a dhéanann go deimhin, séanadh árachais cur isteach go mór ar dhaoine agus ar ghnóthais in Éirinn, rud a chonacthas arís le gairid. Anseo sa Bhanc Ceannais, táthar tugtha do na réimsí baoil a ghabhann le hathrú aeráide a shonrú agus bainistíocht a dhéanamh ina leith agus, dá bhrí sin, féachtar sa tuarascáil atá á foilsiú inniu le tuiscint a fháil ar an mbearna maidir le hárachas in aghaidh tuilte faoi láthair agus san am atá le teacht.

“Tá súil againn go gcuirfear lón eolais ar fáil leis an saothar anailíse seo don díospóireacht faoin mbearna maidir le hárachas in aghaidh tuilte in Éirinn agus tuigtear go bhfuil gá le gníomh ó réimse leathan páirtithe leasmhara chun dul i ngleic leis an ábhar seo.  Táthar ag tnúth le breis caidrimh leis na páirtithe leasmhara faoin gceist thábhachtach seo sna míonna romhainn agus leanfaidh an Banc Ceannais den chion oibre maidir leis na réimsí baoil a eascraíonn ó thoradh an athraithe aeráide a shonrú agus bainistíocht a dhéanamh ina leith.” 

CRÍOCH

Nótaí don Eagarthóir 

Is féidir an tuarascáil a léamh anseo: https://www.centralbank.ie/regulation/industry-market-sectors/insurance-reinsurance/flood-protection-gap-report