Nuacht
Litir Réamhbhuiséid chuig an Aire Airgeadais á foilsiú ag an mBanc Ceannais
04 Iúil 2024
Preas Ráiteas
D’fhoilsigh Banc Ceannais na hÉireann inniu (5 Iúil) an litir bhliantúil réamhbhuiséid (PDF 1.45MB) ón nGobharnóir Gabriel Makhlouf chuig an Aire Airgeadais.
Deir an Gobharnóir Makhlouf: “Tá geilleagar na hÉireann tagtha aniar go maith ó éifeachtaí eacnamaíocha na paindéime agus ionradh na Rúise ar an Úcráin. Chuir gníomhaíocht mhear beartais go mór leis an teacht aniar sin, sa chaoi gur beag comhartha atá ar dhíobháil leanúnach.
“Tá an geilleagar ar chéim nua anois agus meastar go mbeidh an ghníomhaíocht i gcomhréir, a bheag nó a mhór, lena ionchas meántéarmach. I bhfianaise na ndálaí fabhracha seo, is féidir aird a dhíriú go cinntitheach ar an ionchas fáis eacnamaíoch sin a neartú. Tá buntábhacht ag baint le Buiséad 2025, agus leis an treo a shocróidh an Rialtas don bheartas buiséadach sa mheántéarma chun é sin a bhaint amach.
“Is gá an chothromaíocht cheart a bhaint amach ionas go seachnaítear aon chontúirt go dtarlóidh róbhorradh agus go ndéanfar damáiste don iomaíochas, sa chaoi gur féidir le fás inbhuanaithe ar chaighdeáin mhaireachtála an phobail a bhaint amach san fhadtéarma. Is dual do Bhuiséid baint a bheith acu le beartas buiséadach an Rialtais, leis na roghanna a dhéantar faoin gcistíocht phoiblí agus leis na cinntí sonracha maidir le leithroinnt acmhainní. Is spriocanna tábhachtacha iad freisin maidir le ceapadh beartais eacnamaíoch go ginearálta agus is leo a leagann an Rialtas amach a bhfuil beartaithe aige i ndáil le hathchóiriú struchtúrach fadtéarmach go háirithe.
“Is gné shuntasach de straitéis fhioscach chuí a thabhairt i gcrích gur iontaofa an ghreim atá ag an ancaire maidir le beartas fioscach a chur i bhfeidhm ar feadh na tréimhse atá i gceist. Ní bhaintear é sin amach ach go páirteach i gcás na hÉireann leis na leasuithe a rinneadh le gairid ar chreat rialachais eacnamaíoch AE. Cé go bhfáiltítear roimh phleananna struchtúracha fioscacha meántéarmacha nua a leagan amach agus roimh mhaoirseacht ina leith, tá gá go fóill le riail náisiúnta fhioscach chuí a chuireann leis na forálacha faoin gComhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis. Chuir an Rialtas riail den sórt sin ar bun sa bhliain 2021, eadhon, nach sárófaí 5 faoin gcéad maidir le hardú ar chaiteachas Státchiste in aon bhliain ar bith mura mbeadh bearta nua cánachais frithchúitimh san áireamh chomh. Tríd an bhfás ar ghlanchaiteachas a theorannú do ráta fáis treochta ainmniúil an gheilleagair, arna shocrú ag 5 faoin gcéad ag an Roinn Airgeadais nuair a bunaíodh an riail, is féidir an beartas fioscach a dhaingniú ar mhodh oiriúnach, inchreidte. Is den tábhacht go gcloítear leis an riail.
“Ba chóir, maidir le roghanna beartais, go mbeifí ag féachaint le tosaíochtaí gearrthéarmacha agus le haidhmeanna fadtéarmacha a thabhairt le chéile. Ní foláir dul i ngleic le leochaileachtaí struchtúracha, cloí le seasamh cuí buiséadach agus an t-ardú is gá maidir le hinfheistíocht caipitil phoiblí a thabhairt i gcrích ar bhealach inbhuanaithe sna blianta amach romhainn agus é sin a dhéanamh an tráth céanna a ndéantar socruithe faoin gcaiteachas reatha d’fhonn seirbhísí poiblí a choinneáil ar na leibhéil reatha nó a fheabhsú. I bhfianaise éileamh breise ar chistí poiblí agus tosaíochtaí ina leith, is lú is féidir bearta a sheachaint chun an bonn cánach a leathnú (faoi mar a mholann an Coimisiún Cánach) agus cur le hioncam an rialtais mar sciar den ioncam náisiúnta.
Go gearrthéarmach, d’fhéadfadh sé sin cosaint a thabhairt in aghaidh brúnna boilscitheacha nuair a bheidh ardú ar an gcaiteachas caipitil phoiblí. Go fadtéarmach, nuair nach cinnte cé chomh fada agus a leanfaidh an teacht isteach atá faoi láthair ó cháin corparáide agus nuair atá réimsí baoil ag baint le foinsí eile ioncaim, chuideodh bearta nua chun ioncam a ghnóthú le bonn ioncaim cánach níos inmharthana a chruthú agus seasamh níos tréine a chothú maidir leis an gcistíocht phoiblí ionas gur féidir tabhairt faoi dheacrachtaí buiséadacha a bheidh le sárú san am atá le teacht.