Nuacht

Faisnéis Ráithiúil 2024:3 – Is réasúnta a mheas go bhféadfadh tuairim is 52,000 áras cónaithe nua a bheith de dhíth in aghaidh na bliana

18 Meán Fómhair 2024 Preas Ráiteas

Central Bank of Ireland

  • Mar gheall ar éileamh réamhspreagtha ar thithíocht agus gá níos géire le tithíocht ag daonra atá ag ardú, atá meastacháin níos airde á lua ag foireann an Bhainc Ceannais maidir leis na blianta amach romhainn.
  • Ní mór dul i ngleic le cúrsaí pleanála, le gnéithe bonneagair agus réimsí talún le seirbhísí a bheith ar fáil, le ceisteanna táirgiúlachta maidir leis an earnáil tógála agus le teacht níos fearr a bheith ar chistí airgeadais ionas gur féidir leis an earnáil tithíochta an líon áras atá de dhíth a chur ar fáil.
  • Sa mhéid a thuartar maidir le réimsí eile, luaitear san Fhaisnéis Ráithiúil go bhfuil geilleagar intíre na hÉireann seasmhach agus ar tí forás idir 2 agus 3 faoin gcéad in aghaidh na bliana a dhéanamh amach go dtí an bhliain 2026.

Inniu, mar chuid den Fhaisnéis Ráithiúil, d’fhoilsigh an Banc Ceannais alt dar teideal “Economic policy issues in the Irish housing market (PDF 1.09MB)”.  Ag tagairt dó don alt, dúirt Robert Kelly, an Stiúrthóir ar Eacnamaíocht agus Staidreamh:  “Tá gannsoláthar i gceist le margadh tithíochta na hÉireann le deich mbliana anuas agus tá ardú tagtha ar phraghasanna tithe agus ar chíosanna le linn na tréimhse sin seachas mar a tháinig ar ioncam na ndaoine ionas go bhfuil brú ar an acmhainn íocaíochta.  Cé gur deacrachtaí iad sin a bhaineann le pátrún a fheictear ag tarlú ar fud an domhain, tá an táirgiúlacht maidir le cúrsaí tithíochta mar sciar den ioncam náisiúnta in Éirinn i bhfad faoi bhun mheánráta an limistéir euro le tamall maith anois. Níl freastal á dhéanamh ar an soláthar tithíochta ar riachtanas mhuintir na tíre agus tá srian á chur aige sin le hardú inchothaithe ar an gcaighdeán maireachtála.

Baineann an bhundeacracht le hacmhainn na hearnála tithíochta dóthain tograí inmharthana tithíochta ar an scála is gá a chur i gcrích.  Gné den inmharthanacht aonaid tithíochta a chur ar fáil ar chostas atá inacmhainne i ndáil le hioncam an teaghlaigh in Éirinn. Beart poiblí príomhthábhacht is ea líonadh seasmhach ar an mbearna idir tithíocht is acmhainn a cheannach agus tionsclaíocht is acmhainn don earnáiltógála a dhéanamh trína gcuirtear dóthain tithíochta ar fáil agus is géire an toradh a bheidh ar chúrsaí eacnamaíocha anois agus san am atá romhainn mura ndéantar é sin.

Tá beart déanta ag an Rialtas cheana féin i ndáil leis an deacracht seo agus ardú ó €1bn go €6.5bn in aghaidh na bliana ar chaiteachas an Stáit ar an margadh tithíochta le deich mbliana anuas. Tá Éire anois ar an dara tír is mó caiteachas Rialtais ar chúrsaí tithíochta, maidir leis an sciar den iomlán, ar fud an AE, gar don bhuaicleibhéal roimhe seo sa bhliain 2007. Dá ainneoin sin, ní féidir a bheith ag brath ar an Stát amháin maidir le hardú táirgiúlachta i gcúrsaí tithíochta. De réir anailís de chuid an Bhainc Ceannais, is gá smaoineamh ar an leas a bhaineann an Stát as na hacmhainní airgeadais, agus as deismireachtaí beartais níos ginearálta ná sin, chun a thabhairt gur féidir soláthar tithíochta níos fairsinge a chur ar fáil.  

Tá fairsingiú tagtha maidir le soláthar tithíochta agus an leibhéal reatha maidir leis an obair ar árais tithíochta a thabhairt chun críche cothrom a bheag nó a mhór leis na meastacháin roimhe seo maidir leis an mbunéileamh. Dá ainneoin sin, anall go dtí an bhliain 2021, bhí na leibhéil maidir le hobair thógála a thabhairt chun críche faoi bhun an éilimh déimeagrafaíochta, rud a fhágann éileamh folaigh i réim go fóill.

Tarlaíonn éileamh folaigh den sórt sin ar fáil an tráth céanna a bhfuil gá breise le tithíocht mar gheall ar ardú measta ar an daonra go ceann deich agus fiche bliain. Ar na tosca sin ar fad a thabhairt san áireamh, tá le tuiscint ó mheastacháin leasaithe de chuid fhoireann an Bhainc Ceannais go bhféadfadh gá a bheith le tuairim is 52,000 áras nua cónaithe in aghaidh na bliana amach go lár an chéid, figiúr is ionann agus ardú 20,000 aonad seachas mar a cuireadh ar fáil sa bhliain 2023. 

Pléitear sa tuarascáil trí cinn de ghnéithe comhcheangailte a théann i bhfeidhm ar an acmhainn tógála agus ar an dóigh go bhféadfadh an margadh soláthar breise tuairim is 20,000 áras in aghaidh na bliana a chur ar fáil.

  • Pleanáil, rialáil tógála agus talamh le seirbhísí: Cuireann timpeallacht pleanála atá casta, mall, fadálach leis an gcostas a ghabhann le tithíocht agus gnéithe bonneagair i ndáil leis sin a chur ar fáil sna ceantair inar mó an t-éileamh.
  • An acmhainn saothraithe agus cúrsaí táirgiúlachta maidir leis an earnáil tógála:  Rinne an ghéarchéim airgeadais díobháil don earnáil tógála a bhfuil a lorg le feiceáil le fada anois. Tá an ráta táirgiúlachta íseal, i gcomparáid le rátaí in Éirinn cheana agus i gcomparáid le rátaí go hidirnáisiúnta faoi láthair. Baineann sé sin leis an róbhrath ar ghnólachtaí beaga nach bhfuil in ann leas a bhaint as barainneachtaí scála agus le ganntanas infheistíochta le deich mbliana agus níos faide in innealra, i dtrealamh agus i ndeiseanna teicneolaíochta nua-aimseartha. Dá réir sin, tá an toradh saothair in aghaidh an oibrí íseal i gcomparáid le dlínsí eile agus cruthóidh sé deacrachtaí maidir le feidhmiú ar athscála i dtreo riachtanais soláthair níos airde. Fágtar freisin nach maith an riocht ina bhfuiltear san earnáil maidir le costas saothair níos airde a ghlanadh ná an costas, arna shocrú ar leibhéal an domhain, atá le gnéithe den amhábhar a theastaíonn chun tithíocht a chur ar fáil.
  • Teacht ar chistí forbraíochta: Ionas gur féidir 52,000 áras in aghaidh na bliana a chur ar fáil, bheadh gá le cistíocht fiachais agus cothromais a thapú ar bhealach inmharthana agus ar scála leordhóthanach.  De réir na hanailíse atá déanta ag an mBanc Ceannais, tuigtear go mbeadh gá le €6.5bn nó €7bn measta de chistí breise forbraíochta, sa bhreis ar na leibhéil reatha, chun an 20,000 áras breise in aghaidh na bliana a mhaoiniú. Cuimsíonn an maoiniú breise seo atá de dhíth maoiniú fiachais agus maoiniú cothromais ón Stát, ó bhainc, agus ó idirghabhálaithe airgeadais neamhbhainc. Tá le tuiscint ón obair anailíse go bhféadfadh go mbeadh d’acmhain ag na foinsí maoiniúcháin is tábhachtaí an maoiniú is gá a thairiscint ach go bhféadfadh go mbeadh níos mó deacrachtaí a bheith ag gabháil le hacmhainn na hearnála tógála maoiniú den sórt sin a thapú mar gheall ar an dá ghné a leagtar amach thuas. Tagann sé sin i gceist go háirithe i gcomhthéacs acmhainn na hearnál tógála caipiteal cothromais ón iasacht a mhealladh.

Dírítear aird san alt ar an tábhacht atá le bearta beartais trína bhféachtar leis an mbearna idir incheannaitheacht agus inmharthanacht a chúngú, agus sin trí ísliú ar an gcostas a ghabhann le tithíocht a chur ar fáil seachas freastal d’ardú ar phraghasanna, rud a bhíonn le seasamh i ndeireadh báire ag teaghlaigh nua. Ba chóir, maidir le soláthar inmharthana tithíochta, díriú níos mó ar bhearta cumasúcháin a chiallaíonn -

  • Go dtugtar faoi na réimsí deacrachta agus go mbíonn cinnteacht faoin mbeart maidir leis an bpróiseas pleanála agus rialáil foirgníochta;
  • Go ndírítear an infheistíocht caipitil phoiblí ar ghnéithe bonneagair agus ar thalamh breise le seirbhísí a sholáthar go díreach sna ceantair inar mó an t-éileamh;
  • Go mbrostaítear le scála níos mó agus le táirgiúlacht níos tréine san earnáil tógála le tionscnaimh a dtagann dá dtoradh gur fearr a ghlactar le modhanna nua-aimseartha tógála, go dtarlaíonn dearadh caighdeánach agus go dtagann cora nua eile sa phróiseas soláthair;
  • Go n-úsáidtear clár comhardaithe an Stáit chun brostú le hinfheistíocht phríobháideach, infheistíocht chothromais go háirithe, san earnáil tógála.

Leanann Robert Kelly: “Tá le tuiscint ón anailís go bhfuil gá soiléir le hathrú beartais d’fhonn dul i ngleic le deacrachtaí maidir le pleanáil chun cinn agus le bonneagar na hearnála, rud a d’fhágfadh teacht níos seasta ar chistí forbraíochta dá réir.   Rinneadh ríomh ar an gcostas suntasach ó thaobh cúrsaí eacnamaíocha a ghabhfadh le heaspa gnímh ag lucht beartais sa chaoi is gur tuilleadh faid fós a chuirfí leis an éagothroime idir an t-éileamh agus an soláthar maidir le tithíocht.  Costas maireachtála níos airde a thiocfadh dá bharr sin agus costas níos airde dá réir maidir le gnó a dhéanamh in Éirinn ionas gurb é deireadh a bheadh ar an scéal gur lú an acmhainn iomaíochta a bheadh sa tír seo ar fud an domhain agus nach bhféadfaí bonn a choinneáil faoi ardú ar an gcaighdeán maireachtála ag muintir na hÉireann amach sa meántéarma. Os a choinne sin, tá réimsí contúirte freisin ó thaobh cúrsaí eacnamaíocha de le 20,000 áras breise tithíochta a thógáil agus ní mór bainistíocht staidéarach a dhéanamh ar an gciste poiblí. Tagann babhtáil i gceist agus ní mór don lucht beartais gach gné a thabhairt faoi mheas go cúramach ós cosúil an díobháil agus an chontúirt a ghabhfadh le drochláimhseáil ar ardú sa toradh tógála maidir le tithíocht agus an baol a rachadh le héighníomh.”

Tuairiscítear sa Tríú Faisnéis Ráithiúil 2024 (PDF 3.03MB) go bhfuil forás tréan á dhéanamh go fóill maidir le geilleagar na hÉireann agus a bhríomhaire atá gnóthaí eacnamaíocha sa tír féin ina bhonn treise faoi sin. I gcomhthéacs lena mbaineann forás domhanda agus ísliú ar rátaí boilscithe a bheag nó a mhór mar a bhíothas a thuar, tá cuma mhaith i gcónaí ar ghnóthaí geilleagair in Éirinn.  Meastar go bhfanfaidh an ráta dífhostaíochta íseal, rud a chuirfidh bonn faoi ardú ar rátaí tuarastail agus ar an ioncam teaghlaigh go ginearálta.  Tá maolú suntasach tagtha ar an bpríomhráta boiscithe anuas faoi bhun 2 faoin gcéad agus meastar go bhfanfaidh sin idir 1.5 agus 2 faoin gcéad amach go dtí an bhliain 2026  Is é an toradh tairbheach dá réir maidir le hacmhainn ceannacháin an teaghlaigh is bun lena mheas go dtiocfaidh ardú ar chaiteachas agus ar infheistíocht na dtomhaltóirí. 

Ina ainneoin sin, is soiléire de réir a chéile na réimsí deacrachta atá ag teacht roimh thorthaí den chineál sin a choinneáil ar bun. Le forás níos tréine ná mar a bhí á thuar, sa bhreis ar an ráta acmhainne a cheaptar leis an ngeilleagar, is léire na srianta atá i gceist maidir leis an soláthar intíre agus cúrsaí bonneagair. Tugtar i gceist, dá réir sin arís, an cás ina bhfuil ísliú suntasach ar bhoilsciú in Éirinn arna tharraingt ag cúinsí domhanda ach an boilsciú arna tharraingt ag cúinsí intíre, mar is léir maidir leis an mboilsciú ar phraghsanna seirbhísí thuasluaite, ina dhíol suntais go fóill ar ráta is airde ná 4 faoin gcéad.

Cé gur fabhrach go fóill an t-ionchas lárnach maidir le forás eacnamaíoch agus cúrsaí fostaíochta, is ar an taobh thíos is mó atá na rioscaí. Tá tacar casta go maith de réimsí baoil roimh an ngeilleagar a d’fhéadfadh athrú mór a chur ar an dearcadh seachas an tuar ginearálta faoi láthair. D’fhéadfadh spreagadh buiséadach breise, seachas mar a thugtar i gceist leis an tuar ginearálta, borradh níos tréine a chur faoi chúrsaí eacnamaíocha ná mar atá measta go gearrthéarmach. Tráth a bhfuil lánráta fostaíochta i gceist cheana féin leis an margadh saothair, thiocfadh boilsciú níos seasmhaí ar ráta níos airde dá thoradh sin agus rachadh sin chun dochair d’acmhainn iomaíochta na hÉireann i gcomórtas le dlínsí eile. Maidir le cúrsaí eachtracha, tá bonn easpórtála na hÉireann an-chúng i gcónaí maidir le líon beag d'fhiontair mhóra ilnáisiúnta (FIN). Tháinig feabhas in athuair maidir le heaspórtáil earraí cógaisíochta sa bhliain 2024 tar éis dul ar gcúl sa bhliain 2023 ach tá éiginnteacht i gceist maidir lena bhfuil i ndán maidir le déantúsaíocht TFC. D’fhágadh dul ar gcúl san earnáil sin nó maidir le gnóthaí níos ginearálta atá faoi FIN go háirithe (mar shampla, dá dtarlódh lagú ar fhorás eacnamaíoch an domhain ar fad) go dtarlódh ísliú maidir le heasportáil glan, infheistíocht intíre, ioncam cánach agus bríomhaireacht eacnamaíoch i gcomparáid lena bhfuil dá thuar go ginearálta.

Meastar na réimsí baoil maidir leis an bpríomhráta boilscithe a bheith a bheag nó a mhór ar an gcothrom. Meastar gur ag tarraingt taobh an dochair den chuid is mó atá na réimsí baoil gearrthéarmacha maidir le boilsciú agus gur leis an mbaol go dtarlódh dul ar gcúl níos suntasaí maidir le cúrsaí eacnamaíocha an domhain a bhaineann siad, agus le boilsciú arna tharraingt ag cúinsí eachtracha. Os a choinne sin, meastar gur ag tarraingt taobh an tsochair is mó atá na réimsí baoil maidir leis an dearcadh foriomlán, agus gurb é an dóigh go bhféadfadh éagothroime níos leanúnaí tarlú idir an t-éileamh agus an soláthar intíre is mó ba shiocair leis sin. D’fhéadfadh géarú ar theannas geopolaitíochta nó strus in athuair maidir le cúrsaí soláthair ar an leibhéal domhanda, brú in airde a chur arís ar phraghsanna maidir le fuinneamh agus tráchtearraí tábhachtacha, bia mar shampla, i gcomparáid lena bhfuil á mheas faoi láthair. D’fhéadfadh, dá ainneoin sin, toradh chun dochair a bheith ag cúlú eacnamaíochta ar leibhéal an domhain, a bheadh níos géire ná mar atá á thuar, ar an éileamh thar lear ar earraí agus ar sheirbhísí de chuid na hÉireann, chomh maith le praghsanna tráchtearraí ar fud an domhain a ísliú, agus gur laige dá réir a bheadh gnóthaí praghsála ar an leibhéal domhanda agus an leibhéal intíre.  In Éirinn, nuair atá lánfhostaíocht i gceist, beidh smacht ar bhoilsciú praghsanna agus tuarastail ag brath ar an bhforás táirgiúlachta a thabhairt i gcrích mar a bhí á thuar agus ar mheon róleitheadach i leith chúrsaí fioscais a sheachaint. D’fhágfadh moill ag dul i ngleic leis na srianta reatha a ghabhann le heaspa acmhainneachta i gcúrsaí tithíochta nó le ceisteanna eile maidir le gnéithe den bhonneagar baol go dtarlódh boilsciú praghsanna agus tuarastail ar leibhéal níos airde ná a bhaineann lena bhfuil á thuar go ginearálta.

Ní foláir beartaíocht stuama ag dul i ngleic le réimsí laige struchtúrtha maidir leis an ngeilleagar agus leis an gcistíocht phoiblí, cloí le seasamh cuí buiséadach agus an t-ardú is gá maidir le hinfheistíocht caipitil phoiblí agus phríobháideach a thabhairt i gcrích ar bhealach inchothaithe i rith na mblianta amach romhainn agus is gá sin a dhéanamh chun eacnamaíocht na hÉireann san am atá i ndán a chur ar bhonn daingean agus chun rachmas fadtéarmach a thabhairt i gcrích don uile dhuine.