Nuacht
Ordaítear do bhainc cloí le ceanglais nua chaipitil ó mhí Iúil 2019
05 Iúil 2018
Irish Category
- Le ceanglas breise caipitil le linn cor chun feabhais, tugtar cosaint in aghaidh cor chun donais amach anseo
- Tacaíonn fianaise ó thaighde le gníomhachtú an chúlchiste go luath san timthriall eacnamaíoch
- Tá dóthain caipitil san earnáil baincéireachta chun an méadú a iompar.
Thionscain Banc Ceannais na hÉireann an cúlchiste fritimthriallach (CCyB) inniu. Ón 5 Iúil 2019, ceanglófar ar bhainc in Éirinn caipiteal maolánach breise a shealbhú a bheidh comhionann le haon faoin gcéad dá risíochtaí riosca-ualaithe Éireannacha.
Léigh an fógra maidir le ráta an chúlchiste fhritimthriallaigh (PDF 701.75KB)
Ó thráth a thionscanta i mí na Nollag 2015, bhí CCyB na hÉireann socraithe ag nialas faoin gcéad. I gcomhréir le rialacháin idirnáisiúnta, tá tréimhse fógra aon bhliain amháin i gceist sula mbeidh éifeacht le ráta nua CCyB arb ionann é agus aon faoin gcéad (5 Iúíl 2019). Gníomhachtaítear CCyB chun stóinseacht san earnáil baincéireachta a chur chun cinn: trí chaipiteal breise a cheangal le linn cor chun feabhais sa timthriall airgeadais, féadfar tacú le soláthar creidmheasa le linn cor chun donais amach anseo trí CCyB a laghdú dá réir. Sáraíonn na leibhéil reatha caipitil san earnáil baincéireachta na ceanglais rialála, lena n-áirítear an cúlchiste fritimthriallach nua.
Leis an taighde a foilsíodh inniu, tacaítear leis an argóint chun an cúlchiste a ghníomhachtú go luath sa timthriall eacnamaíoch chun a áirithiú go mbeidh an cúlchiste ar fáil le linn cor chun donais amach anseo.
Na cúiseanna atá le CCyB a ghníomhachtú, baineann siad le conair mharthanach roinnt táscairí ábhartha mar atá leagtha amach san fhógra (PDF 701.75KB) ón mBanc Ceannais, agus lena n-áirítear:
- Neartú táscairí creidmheasa áirithe
- Fás mear ar an ngeilleagar intíre atá ag druidim i dtreo a theorainneacha acmhainneachta
- Cineál luaineach gheilleagar na hÉireann agus leochaileacht an gheilleagair do rioscaí seachtracha
- Leochaileachtaí sa chóras airgeadais, lena n-áirítear ardleibhéil féichiúnais ag teaghlaigh agus stoc ard iasachtaí neamhthuillmheacha lena dtreisítear rioscaí timthriallacha.
Agus é ag tagairt do ghníomhachtú CCyB, dúirt an Gobharnóir Philip R. Lane: “I bhfianaise gur geilleagar beag, oscailte é geilleagar na hÉireann atá leochaileach do rioscaí seachtracha, is uirlis thábhachtach é CCyB chun tacú le córas airgeadais a bheidh níos cobhsaí agus nach mbeidh tugtha do thimthriallta borradh agus cliseadh.
“Le CCyB, comhlánaítear bearta macrastuamachta eile amhail na bearta morgáiste bunaithe ar iasachtaithe agus maoláin O-SII (Institiúidí eile a bhfuil Tábhacht Shistéamach leo).
“Tá ár gcuid taighde maidir le CCyB foilsithe againn inniu freisin i gcomhréir lenár ngealltanas maidir le trédhearcacht chun an bonn fianaise a thabhairt maidir lenár gcinntí beartais macrastuamachta.”
Nóta d'Eagarthóirí
Sa Litir Eacnamaíoch le Matija Lozej agus Martin O’Brien dar theideal ‘Using the Countercyclical Capital Buffer: Insights from a Structural Model’ scrúdaítear an éifeacht a bhíonn ag gníomhachtú CCyB ag céimeanna éagsúla den timthriall eacnamaíoach. Bíonn gníomhachtú bunaithe ar phointe sa timthriall ina bhfeictear leathnú eacnamaíoch arna spreagadh ag éileamh, rud a chuireann le tomhaltas, le hinfheistíocht, le hiasachtú agus le haschur.
Ba iad seo a leanas príomhthátail na Litreach Eacnamaíche:
- Mura ndéantar CCyB a ghníomhachtú, laghdaítear stóinseacht na mbanc ar feadh tréimhse leathnaithe ó tharla go bhfuil an méadú ar chaipiteal na mbanc níos lú go comhréireach ná an méadú ar iasachtú ó na bainc
- Má dhéantar CCyB a ghníomhachtú go luath sa timthriall eacnamaíoch, maolaítear an laghdú gearrthréimhseach ar stóinseacht na mbanc agus méadaítear stóinseacht na mbanc sa mheántéarma agus san fhadtéarma
- I gcontrárthacht leis sin, má mhoillítear gníomhachtú CCyB, laghdaítear stóinseacht na mbanc ar feadh tréimhse níos faide
- Is beag an costas a bhaineann le láidriú CCyB go ‘róluath’
- Is beag an iarmhairt a bhíonn ag gníomhachtú CCyB ar ghníomhaíocht an gheilleagair níos leithne agus is lú an iarmhairt sin fós nuair a bhíonn cóimheasa iarbhír na mbanc os cionn a n-íoscheanglas rialála.
Sa Nóta ar Chobhsaíocht Airgeadais le Eoin O’Brien, Martin O’Brien agus Sofia Velasco, dar theideal ‘Measuring and mitigating cyclical systemic risk in Ireland: The application of the countercyclical capital buffer’ leagtar amach an cur chuige ardleibhéil atá glactha ag Banc Ceannais na hÉireann maidir le CCyB a shocrú ar risíochtaí Éireannacha.
Ba iad seo a leanas príomhthátail an Nóta ar Chobhsaíocht Airgeadais:
- Is uirlis beartais macrastuamachta é CCyB atá ag éirí níos ábhartha agus a bhfuil úsáid ghníomhach á baint as anois ar fud na hEorpa
- Tá sé ríthábhachtach go ndéanfar carnadh rioscaí timthriallacha a shainaithint d’fhonn CCyB a chur chun feidhme go héifeachtach.
- In Éirinn, ní mór an anailís ar an timthriall airgeadais a choigeartú chun go gcuirfear san áireamh na gnéithe speisialta den timthriall borradh agus cliseadh roimhe seo agus an iarmhairt a bhíonn ag ilnáisiúntaigh ar na sonraí eacnamaíocha agus airgeadais
Ina theannta sin, ceanglófar ar ghnólachtaí infheistíochta MiFID atá faoi réir an Rialacháin maidir le Ceanglais Chaipitil IV caipiteal a bheidh comhionann le haon faoin gcéad dá risíochtaí riosca-ualaithe Éireannacha a shealbhú.