Nuacht

Níl leas bainte fós as tairbhí na nuálaíochta in íocaíochtaí do thomhaltóirí intíre - Madouros

04 Márta 2024 Preas Ráiteas

Central Bank of Ireland

  • Léiríonn roghnú modhanna íocaíochta nua ullmhacht na dtomhaltóirí glacadh le réitigh íocaíochta níos áisiúla.
  • Tá tírdhreach íocaíochtaí miondíola na hÉireann tite ar gcúl i gcomparáid le háiteanna eile san Eoraip i réimsí áirithe, rud atá míshásúil do thomhaltóirí agus do ghnólachtaí.
  • Cuireann an Straitéis Náisiúnta Íocaíochtaí deis ríthábhachtach ar fáil chun tírdhreach íocaíochtaí na hÉireann a chur chun cinn.

 

Ag labhairt dó ag Comhdháil Náisiúnta Íocaíochtaí BPFI, dúirt Vasileios Madouros, Leas-Ghobharnóir, Banc Ceannais na hÉireann, "Ón bPlean Náisiúnta Íocaíochtaí deireanach, os cionn deich mbliana ó shin, tá athrú suntasach agus nuálaíocht tagtha ar íocaíochtaí intíre. Ach tá réimsí tábhachtacha ann freisin ina bhfuil Éire fós ag titim ar gcúl. Chun go mbeidh rochtain níos fearr ag tomhaltóirí ar réitigh íocaíochta is ga go dtapóidh an margadh na deiseanna atá ar fáil. In ainneoin go bhfuil bonneagar na n-íocaíochtaí láithreacha ar fáil ó 2017, níl sé curtha i bhfeidhm ag soláthraithe ábhartha cuntas íocaíochta in Éirinn. I gcás tomhaltóirí agus gnólachtaí, is toradh míshásúil é sin."

Lean an Leas-Ghobharnóir Madouros ar aghaidh – "In Éirinn, tá earnáil íocaíochtaí atá ag fás agus atá nuálach. Tá Éire ina bonn freisin d'earnáil teicneolaíochta an-nuálach. agus tá sé léirithe ag daoine go bhfuil siad toilteanach, agus fonnmhar, glacadh le teicneolaíocht nua in íocaíochtaí. Mar sin féin, níl leas bainte fós as go leor de na buntáistí a bhaineann leis an teicneolaíocht i ndáil le híocaíochtaí do thomhaltóirí baile agus don gheilleagar i gcoitinne. Le forbairt na Straitéise Náisiúnta Íocaíochtaí ag an Roinn Airgeadais, tugtar an deis dúinn é sin a athrú agus táimidne, i mBanc Ceannais na hÉireann, ag súil lenár gcion féin a dhéanamh.”

 D'fhoilsigh Banc Ceannais na hÉireann a chuid moltaí inniu mar fhreagra ar an gcomhairliúchán poiblí ar Straitéis Náisiúnta Íocaíochtaí na Roinne Airgeadais.  Mhol an Banc Ceannais ceithre thosaíocht ardleibhéil go dtí deireadh na bliana 2030:

Tosaíocht 1: Gníomhaíocht Chomhordaithe chun na Tairbhí a bhaineann le Nuálaíocht agus le Comhtháthú a bhaint amach i gcomhthéacs Eorpach

Cinnteoidh oibreoirí cuntas íocaíochta ábhartha go mbainfidh tomhaltóirí Éireannacha agus gnólachtaí beaga tairbhe as na nuálaíochtaí íocaíochta atá in áiteanna eile san Eoraip. Déanfar réitigh íocaíochta atá ag teacht chun cinn a chomhtháthú leis an Eoraip agus beidh siad idir-inoibritheach le príomh-mhargaí eile, nuair is féidir.

Tosaíocht 2: Airgead Tirim a Chosaint mar Mhodh Íocaíochta

Ba cheart airgead tirim a bheith ar fáil go forleathan agus ba cheart go nglacfaí leis mar mhodh íocaíochta, agus ba cheart an rogha sin a chosaint do thomhaltóirí agus gnólachtaí.

Tosaíocht 3: Slándáil agus Athléimneacht a Chothabháil maidir le hÍocaíochtaí

Beidh teagmháil idir eisitheoirí, oibreoirí, rannpháirtithe, agus soláthraithe líonra cumasúcháin chun slándáil agus athléimneacht éiceachóras na n-íocaíochtaí a chinntiú.

Tosaíocht 4: Taighde agus Léargais Anailíseacha a Fheabhsú

Cuirfidh údaráis phoiblí náisiúnta, comhlachais tionscail agus comhlachtaí taighde feabhas ar an gcumas chun cinntí beartais eolasacha níos fearr a dhéanamh maidir le híocaíochtaí, trí thaighde agus léargais anailíseacha.

Mar fhocal scoir, dúirt an Leas-Ghobharnóir Madouros, "Tugann an Straitéis Náisiúnta Íocaíochtaí deis dearcadh níos fadtéarmaí a bheith againn agus cur chuige comhleanúnach ar fud an chórais a fhorbairt maidir le héabhlóid íocaíochtaí in Éirinn amach anseo, laistigh de chomhthéacs Eorpach.

Dála aon aistriú sochaíoch, ní mór an fhorbairt atá bunaithe ar theicneolaíocht i dtírdhreach na n-íocaíochtaí a bhainistiú go cúramach ó thaobh an bheartais phoiblí de.

Beidh sé ríthábhachtach an leas is fearr a bhaint as an deis sin toisc go mbraitheann geilleagar sláintiúil agus iomaíoch ar éiceachóras íocaíochtaí atá nuálach, cuimsitheach agus athléimneach."