Nuacht

Ní mór do ghnólachtaí infheistíochta a chinntiú go bhfuil gach beart riachtanach á dhéanamh acu chun an toradh is fearr is féidir a chur ar fáil do thomhaltóirí

10 Samhain 2020 Press Release

Central Bank of Ireland

  • Foilsíonn an Banc Ceannais na fionnachtana san Athbhreithniú Téamach ar chomhlíonadh na gceanglas ‘Dea-Fhorfheidhmiú’ do thomhaltóirí ag gnólachtaí infheistíochta.
  • Faoi rialacháin MiFID (An Treoir um Margaí in Ionstraimí Airgeadais), ceanglaítear le Dea-Fhorfheidhmiú ar ghnólachtaí infheistíochta bearta dóthanacha a dhéanamh d’fhonn an toradh is fearr is féidir a bhaint amach do thomhaltóirí.
  • Mhainnigh roinnt gnólachtaí a léiriú go ndearnadh formhaoirsiú, faireachán agus ráthaíocht éifeachtach maidir leis an gcaoi inar comhlíonadh ceanglais an Dea-Fhorfheidhmithe.

Inniu (10 Samhain 2020), d’fhoilsigh an Banc Ceannais an toradh ar Athbhreithniú Téamach ar chomhlíonadh na gceanglas ‘Dea-Fhorfheidhmiú’ do thomhaltóirí ag gnólachtaí infheistíochta atá údaraithe faoi MiFID. Le Dea-Fhorfheidhmiú, ceanglaítear ar ghnólachtaí bearta dóthanacha a dhéanamh chun an toradh is fearr is féidir a bhaint amach do thomhaltóirí, agus tosca amhail praghas, costais, luas, dóchúlacht forfheidmithe agus réitigh, méid, cineál agus aon ábhar eile is iomchuí maidir le forfheidhmiú an ordaithe á gcur i gcuntas. Tá ról ríthábhachatach ag na ceanglais sa chreat um chosaint d’infheisteoirí agus tá siad bunúsach maidir le torthaí dearfacha a chur ar fáil do thomhaltóirí.

Léiríodh san Athbhreithniú nach raibh roinnt gnólachtaí in ann formhaoirsiú agus faireachán éifeachtach a léiriú maidir le conas a bhí na ceanglais Dea-Fhorfheidhmithe atá orthu á gcomhlíonadh. Tá imní ar leith ar an mBanc Ceannais maidir leis an easpa fianaise i dtaobh formhaoirsiú agus dúshlán ar thaobh Boird agus/nó coiste de sa phróiseas Dea-Fhorfheidhmithe. Tá imní air freisin nár léirigh roinnt comhaltaí foirne feasacht ar bheartais agus ar phróisis Dhea-Fhorfheidhmithe a ngnólachtaí, toisc go bhfuil an baol ann nach gcuirfí ar fáil an toradh is fearr is féidir do thomhaltóirí dá bharr.

Is iad seo a leanas príomhfhionnachtana an Athbhreithnithe:

  • Rialachas: Sainaithníodh easnaimh shuntasacha sa rialachas Dea-Fhorfheidhmithe, lena n-áirítear easpa próiseas soiléir cinnteoireachta agus fianaise i dtaobh formhaoirsiú agus dúshlán ar thaobh Boird agus/nó coiste de, agus rannpháirtíocht theoranta ag an bhFeidhm Riosca ann.
  • Creat Dea-Fhorfheidhmithe: Ní raibh gnólachtaí in ann fianaise a chur ar fáil go ndearnadh creataí Dea-Fhorfheidhmithe a athbhreithniú ar bhonn rialta agus mar fhreagairt d’fhorbairtí rialála. Orthu seo, bhí easpa oiliúna foirne, rud a d’fhág feasacht lag maidir le beartais agus nósanna imeachta i ndáil le Dea-Fhorfheidhmiú.
  • Tástáil Ráthaíochta: Easpa athbhreithnithe neamhspleácha ar an bpróiseas Dea-Fhorfheidhmithe ó cheann go ceann agus teorainn leis an tástáil ráthaíochta a dhéantar.

I roinnt mhaith cásanna, d’eascair an bhunchúis as easpa infheistíochta in acmhainní maidir le feidhmeanna um chomhlíonadh agus, i gcuid de na cásanna, d’fhág sé sin go raibh róil um chomhlíonadh folamh ar feadh tréimhsí fada ama agus bearnaí i gcumais Dea-Fhorfheidhmithe ar an dara líne.

Tá imní ar an mBanc Ceannais go léiríonn an méid sin treocht ghinearálta san earnáil MiFID. Tugann sé dá aire cosúlachtaí le fionnachtana san Athbhreithniú Téamach ar chomhlíonadh a gceanglas dlí ag gnólachtaí chun a chinneadh an bhfuil táirge oiriúnach do thomhaltóirí a rinneadh le déanaí, inar léiríodh go raibh cur chuige ‘ticbhosca’ forleathan i ngnólachtaí MiFID.

Tá idirghabháil déanta go díreach ag an mBanc Ceannais leis na gnólachtaí inar sainaithníodh saincheisteanna.

Dúirt an Stiúrthóir ar Chosaint Tomhaltóirí, Gráinne McEvoy -

‘Má tá muinín le bheith ag tomhaltóirí le linn dóibh seirbhísí gnólachtaí infheistíochta a úsáid, ní foláir é a bheith soiléir go bhfuil a gcuid torthaí agus a leas lárnach i múnla agus straitéisí gnó an ghnólachta. Tá ról ríthábhachtach ag ceanglais Dea-Fhorfheidhmithe chun a chinntiú go ndéanfar tomhaltóirí a chosaint mar go gcuireann siad oibleagáid ar ghnólachtaí gach beart réasúnach a dhéanamh chun an toradh is fearr is féidir a bhaint amach dá gcustaiméirí. Ní léiríonn fionnachtana an Athbhreithnithe seo cultúr atá dírithe ar thomhaltóirí a bhfuil ag an Banc Ceannais ag súil leis ó ghnólachtaí.’

‘Tá an Banc Ceannais ag súil leis go mbeidh gach gnólacht réamhghníomhach agus mionchúiseach chun a chinntiú go gcloífidh siad lena n-oibleagáidí faoin dlí chun tomhaltóirí a chosaint. Tá idirghabháil déanta againn go díreach leis na gnólachtaí sin inar sainaithníodh saincheisteanna agus táimid ag súil leis go mbeidh aird ghéar ag gach gnólacht ar na fionnachtana atá mionsonraithe i litir an lae inniu. Ní foláir cultúir atá dírithe ar thomhaltóirí a thaispeáint ar fud struchtúir gnólachta, ó fhormhaoirsiú agus dúshlán láidir ó thaobh Boird agus/nó coiste de go dtí oiliúint chuimsitheach don fhoireann. Tá an méid sin ríthábhachtach chun a chumasú do thomhaltóirí roghanna muiníneacha slán a dhéanamh le linn dóibh leas a bhaint as seirbhísí infheistíochta.’

Nótaí

Leis an Treoir um Margaí in Ionstraimí Airgeadais (MiFID II), déantar soláthar seirbhísí infheistíochta in ionstraimí airgeadais a rialú. Tá feidhm aici maidir le gnólachtaí infheistíochta, bainisteoirí rachmais, déileálaithe bróicéireachta, monaróirí táirgí, agus forais chreidmheasa atá údaraithe chun gníomhaíochtaí MiFID a chur i gcrích.

Baintear úsáid as athbhreithnithe téamacha chun cleachtais agus treochtaí díobhálacha a shainaithint agus chun eisiúint treoir bhreise do thionscail a éascú mar aon le gníomh leigheasta i gcoinne gnólachtaí neamhchomhlíontacha.

Áirítear ar na hAthbhreithnithe Téamacha:

  • Athbhreithnithe ar an Láthair
  • Athbhreithnithe Deasc-Bhunaithe
  • Idirghabháil leanúnach mhaoirseachta.