Nuacht

“Ní mór do ghnólachtaí rialáilte tosaíocht a thabhairt d’éagsúlacht ag leibhéil shinsearacha chun grúpmhachnamh a sheachaint” - Derville Rowland, Ard-Stiúrthóir, Iompar Airgeadais

07 Márta 2022 Preas Ráiteas

Central Bank of Ireland

Tá méadú ag teacht ar éagsúlacht inscne in earnáil na seirbhísí airgeadais rialáilte ag leibhéal na hardbhainistíochta ach ní leor fós é de réir an Tuarascáil is déanaí um Anailís Dhéimeagrafach ó Bhanc Ceannais na hÉireann.

Déantar anailís san fhoilseachán bliantúil ar iarratais i gcomhair róil shinsearacha áirithe laistigh de ghnólachtaí rialáilte a dteastaíonn cead roimh ré uathu ón mBanc Ceannais ina leith faoin gCóras Oiriúnachta & Ionracais.

Fuair an Banc Ceannais breis is 3,500 iarratas dá leithéid i gcomhair róil Feidhmeanna Rialaithe Réamhcheadaitheacha (FRR) sa bhliain 2021.

Is ionann sin agus an séú Tuarascáil um Anailís Dhéimeagrafach ina mbristear síos na hiarratais i gcomhair formheasa rialála de réir inscne, aoise agus náisiúntachta.

Chomh maith le hanailís na bliana 2021, féachann tuarascáil an lae inniu ar 10 mbliana d’iarratais FRR ó tháinig Córas Oiriúnachta agus Ionracais 2012 in éifeacht.

Ar na príomhfhorbairtí a leagtar amach sa tuarascáil, áirítear an méid seo a leanas:

  • Cé go bhfuil dul chun cinn déanta bliain ar bhliain ar éagsúlacht i ndáil le hinscne a fheabhsú, is mall é an dul chun cinn sin. B’ionann ionadaíocht mná sna hiarratais do róil FRR sa bhliain 2021 agus 31%, i gcomparáid le 16% sa bhliain 2012, an chéad bhliain a raibh sonraí ar fáil. Ó mhná a fuarthas tuairim is ceann as sé cinn de na hiarratais ar fad a fuarthas sa bhliain 2012, i gcomparáid le ceann as trí cinn sa bhliain 2021.
  • Laistigh de chomhthéacs easpa inscne chothrom ag leibhéal boird ar fud gach earnála, tugtar feabhsúcháin le fios i dtuarascáil 2021. Tháinig méadú 6 pointe céatadáin ar ionadaíocht mná do na poist sin ó 22% in 2020 go 28% in 2021. Ba san earnáil bainistíochta sócmhainní is mó a tháinig na hathruithe is mó chun cinn (ó 31% ionadaíocht mná ar na boird sa bhliain 2020 go 39% sa bhliain 2021) agus in earnáil na gcomhar creidmheasa (ó 31% ionadaíocht mná ar na boird sa bhliain 2020 go 36% sa bhliain 2021).
  • Tá formhór na ról a ghineann ioncaim ag iarratasóirí fear. Sa bhliain 2021, mná a bhí i níos lú ná aon séú d’iarratasóirí ar róil sealbhóra a bhí freagrach as ioncam gnó a chur chun cinn.  Is ó fhir (84%) a thagann formhór na n-iarratas do na róil sin.
  • Leanann gnólachtaí rialáilte de leibhéil níos airde éagsúlachta inscne a léiriú ná mar a léiríonn gnólachtaí nua a bhfuil údarú á lorg acu. Leanann iarratais a bhaineann le húdaraithe gnólachtaí nua ag léiriú neamhchothroime ábhartha, agus cóimheas de níos mó ná idir a trí agus a haon maidir le hiarratasóirí fir i gcoinne iarratasóirí mná.

Tá an anailís dírithe den chuid is mó ar éagsúlacht i ndáil le hinscne bunaithe ar na sonraí atá ar fáil. Cé nach bhfuil ansin ach foirm amháin éagsúlachta, is ceann ríthábhachtach é agus is léiriú láidir é ar threochtaí éagsúlachta níos leithne.

Is éard a dúirt Derville Rowland, Ard-Stiúrthóir, Iompar Airgeadais:

“Cé gur údar mór misnigh é dul chun cinn a fheiceáil, is de réir a chéile i gcaitheamh deich mbliana a tharla sé, agus ní mór do ghnólachtaí dlús a chur faoin dul chun cinn sin. Táimid fós den tuairim gur ionann easpa éagsúlachta ag leibhéal ardbhainistíochta agus boird agus treoirtháscaire ar rioscaí iompair agus cultúir méadaithe.

“Ní bhaineann éagsúlacht le hinscne amháin. Tá éagsúlacht, lena n-áirítear inscne, aois, eitneacht, cúlra oideachais agus gairmiúlacht, gan trácht ar shaintréithe eile, riachtanach i dtaca le forbairt a dhéanamh ar chultúr éifeachtach.  Is féidir le leibhéil níos mó éagsúlachta i leith smaointeoireachta an riosca a bhaineann leis an ngrúpmhachnamh a mhaolú, cinnteoireacht a fheabhsú, agus an éifeachtúlacht a bhaineann le dúshlán inmheánach agus meon oscailte i dtaobh athruithe a mhéadú laistigh de ghnólachtaí. Tá sé sin ríthábhachtach i dtaobh gnólachtaí a bheith ag gníomhú ar mhaithe le leas na dtomhaltóirí agus na n-infheisteoirí.

I bhfianaise go bhfuil éagsúlacht chomh hidircheangailte sin le riosca, le teacht aniar agus le feidhmiúlacht airgeadais, leanfaidh sé de bheith ina tosaíocht don Bhanc Ceannais.”

Nótaí d'Eagarthóirí:

Is é seo an séú huair a d’fhoilsigh an Banc Ceannais sonraí den sórt sin agus léiríonn sé 10 mbliana de bhailiú sonraí. Tá na tuarascálacha sin, chomh maith le tuilleadh eolais ar dhearcadh an Bhainc Ceannais ar éagsúlacht i ngnólachtaí rialáilte le fáil ar ár suíomh gréasáin.

Tagraíonn “iarratas” nó “iarratasóir” d’iarratais chuig an mBanc Ceannais i gcomhair réamhcheadú a fháil maidir le daoine a bhfuil róil á lorg acu ag leibhéal sinsearach i ngnólachtaí rialáilte. Ní hionann é agus tagairt do líon na n-iarratas a fhaigheann gnólachtaí airgeadais maidir le róil.

53 Feidhm Rialaithe Réamhcheadaitheach ann, a chlúdaíonn ceapacháin ag leibhéal boird agus bainistíochta.