Nuacht

Moore Money Lenders - Rabhadh ó Bhanc Ceannais na hÉireann maidir le Gnólacht Neamhúdaraithe

18 Deireadh Fómhair 2024 Warning Notice

Warning

Rabhadh: Gnólacht Creidmheasa Miondíola Neamhúdaraithe
Soláthraí Creidmheasa Ardchostais Neamhúdaraithe
Ainm an Ghnólachta Neamhúdaraithe Moore Money Lenders
Suíomh gréasáin https://mooremoneylenders.com
Seoladh ríomhphoist a úsáidtear [email protected]
Uimhir/Uimhreacha gutháin a úsáidtear +353 83 451 6487
+353 83 813 1978
+353 1 477 006
+353 83 373 4616
+353 83 859 0918
 
Údarú in Éirinn Níl an gnólacht seo údaraithe chun seirbhísí creidmheasa miondíola nó aon seirbhísí airgeadais eile a chur ar fáil in Éirinn.
Faisnéis bhreise Is sampla é an sceamáil seo de ‘chalaois réamhtháille’, áit ina n-iarrtar íocaíocht láithreach sula gcuirtear iasacht ar fáil. Ní chuirtear na hiasachtaí ar fáil riamh.
Tá clónáil déanta ag an ngnólacht neamhúdaraithe seo ar shonraí gnólachta atá údaraithe ag an mBanc Ceannais agus tá sé ag ligean air gurb é an gnólacht dlisteanach,  E. & L. Credit Limited, é chun an dallamullóg a chur ar thomhaltóirí. Tabhair faoi deara, le do thoil, nach bhfuil ceangal ar bith idir an gnólacht atá údaraithe ag an mBanc Ceannais agus an gnólacht calaoiseach.

 

Nótaí:

  1. Aon duine ar mian leo faisnéis maidir le gnólachtaí/daoine den sórt sin a thabhairt don Bhanc Ceannais, féadfaidh siad glaoch a chur ar (01) 224 5800.
  2. Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le conas is féidir leat tú féin a chosaint ar sceamálacha airgeadais, téigh chuig www.centralbank.ie/sceamalacha
  3. Foilsítear ainm an ghnólachta thuasluaite faoi alt 53 d’Acht an Bhainc Ceannais (Maoirsiú agus Forfheidhmiú) 2013.