Nuacht
Moltaí Bhanc Ceannais na hÉireann maidir le teorainneacha iasachta na gcomhar creidmheasa a ardú - comhairliúchán poiblí fógartha
11 Nollaig 2024
Preas Ráiteas

D’fhoilsigh Banc Ceannais na hÉireann inniu (an 11 Nollaig) athbhreithniú ar an gcreatchóras rialála maidir le hiasachtú na gcomhar creidmheasa (PDF 631.87KB) agus seoladh comhairliúchán poiblí maidir le hathruithe beartaithe ar an gcreatchóras.
Cinnteofar leis na hathruithe beartaithe go mbeidh an creatchóras rialála oiriúnach i gcónaí don earnáil agus déanfar foráil do scóip bhreise ag na comhair chreidmheasa sin ar mian leo tabhairt faoi iasachtú breise tithíochta agus gnó a thabhairt.
Athbhreithniú é seo a bhí beartaithe ag an mBanc Ceannais d’fhonn anailís a dhéanamh ar thionchar na rialachán iasachta a tháinig isteach i mí Eanáir 2020. San athbhreithniú fianaise-bhunaithe seo, cuireadh san áireamh an taithí maoirseachta, sonraí iasachtaí, aiseolas ó pháirtithe leasmhara, cora nua in earnáil na gcomhar creidmheasa i gcoitinne agus an t-éiceachóras baincéireachta níos leithne.
Is léir ón anailís ar shonraí iasachtaí go bhfuil, ar leibhéal na hearnála, go bhfuil neart acmhainn ag comhair chreidmheasa go fóill, gan na teorainneacha reatha a shárú, iasachtaí tithíochta agus iasachtaí gnó a chur ar fáil.
Bíodh sin mar atá, is é tuairim an Bhainc Ceannais, tar éis an t-athbhreithniú a thabhairt chun críche agus chun ligean don earnáil forbairt inbhuanaithe a dhéanamh chun leas na gcomhaltaí go fadtéarmach, gur chóir roinnt athruithe sainchóirithe maidir leis na rialacháin a mholadh an tráth seo. Díríonn na hathruithe ar theorainneacha comhchruinnithe maidir le hiasachtú tithíochta agus iasachtaí gnó, agus ar choinníollacha áirithe a bhaineann le frithghealladh. Leagtar amach na hathruithe atá beartaithe sa chomhairliúchán poiblí. Glacfar le haighneachtaí ina leith anonn go dtí an 11 Feabhra 2025.
Ag labhairt di tráth a fhoilsithe, deir an Leas-Ghobharnóir Sharon Donnery: “Leis an gcreatchóras maidir le hiasachtú na gcomhar creidmheasa, cuirtear ráillí cosanta tábhachtacha ar fáil, agus leanfar díobh sin a chur ar fáil, don earnáil agus chun cistí na gcomhaltaí a chosaint. Anuas ar an méid sin, táimid meáite ar a chinntiú go mbíonn an creatchóras rialála freagarthach agus oiriúnach do chóras airgeadais atá i mbun athrú mear. Cuirfidh na hathruithe atá beartaithe leis an gcreatchóras iasachtaithe reatha agus ta siad bunaithe ar an athbhreithniú cuimsitheach fianaise-bhunaithe a rinne an Banc Ceannais. Is sprioc thábhachtach do na comhair chreidmheasa agus dá gcuid comhaltaí iad foilseacháin an lae inniu, agus tugtar deis bhreise don earnáil forbairt agus comhoibriú a dhéanamh ar bhealach éifeachtúil stuama. Sílimid go gcuirfidh na hathruithe beartaithe ar an gcreatchóras iasachtaithe, má chuirtear i bhfeidhm iad, ar chumas na gcomhar creidmheasa sin ar mhian leo tabhairt faoi iasachtú breise tithíochta agus gnó ar mhaithe le breis éagsúlachta ina gcuid leabhar iasachtaí, feabhas a chur ar chóimheas iasachtaí le sócmhainní agus toradh níos fearr a a bhaint amach dá gcomhaltaí. Táthar ag súil go leanfaidh na comhair chreidmheasa d’iasachtú stuama a dhéanamh de réir mar a chuirfidh siad lena gcuid scileanna, acmhainne agus saineolais maidir le hiasachtú den sórt seo.
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir
- teorainneacha a dhíchúpláil ionas go mbeadh teorainneacha comhchruinnithe nua á leagan síos maidir le hiasachtú tithíochta agus gnó;
- deireadh a chur le sraitheanna ionas gur féidir le gach comhar creidmheasa, beag beann ar oiread na sócmhainní, leas a bhaint as na teorainneacha comhchruinnithe céanna;
- acmhainneacht iasachtaithe a choigeartú do gach comhar creidmheasa maidir le hiasachtú tithíochta agus gnó, taobh istigh de na teorainneacha comhchruinnithe, mar seo a leanas:
- iasachtú tithíochta - 30% de na sócmhainní iomlána
- iasachtú gnó - 10% de na sócmhainní iomlána
- deireadh a chur leis an gcoinníoll gur gá do chomhar creidmheasa plean cuimsitheach gnó agus réamh-mheastacháin mhionsonraithe airgeadais a fháil i gcás iasachtaí gnó dar luach €25,000 nó níos mó, iasachtaí pobail nó iasachtaí do chomhair chreidmheasa eile.
Trí na hathruithe seo, bheadh acmhainn shuntasach fhoriomlán maidir le hiasachtú tithíochta agus gnó ar fáil (acmhainn €8.6bn i gcomórtas leis an €2.9bn atá ar fáil faoi na teorainneacha comhchruinnithe atá i bhfeidhm faoi láthair).