Nuacht
Lombard Odier Inc. (Clone) - Rabhadh ó Bhanc Ceannais na hÉireann maidir le Gnólacht Neamhúdaraithe
05 Aibreán 2024
Warning Notice
Rabhadh: | Baincéir Neamhúdaraithe / Gnólacht Infheistíochta Neamhúdaraithe |
Ainm an Ghnólachta Neamhúdaraithe | Lombard Odier Inc. |
Suíomh gréasáin | Níl aon cheann aitheanta |
Seoladh/Seoltaí ríomhphoist a úsáidtear | [email protected] [email protected] [email protected] |
Uimhir/Uimhreacha gutháin a úsáidtear | +41 43 883 0669 |
Údarú in Éirinn | Níl Lombard Odier Inc. (Clone) údaraithe chun gnó baincéireachta nó seirbhísí infheistíochta a chur ar fáil in Éirinn. |
Faisnéis bhreise | Rinne an gnólacht clónáil ar shonraí an ghnólachta dhlisteanaigh, Lombard Odier (Europe) S.A., atá údaraithe ag Commission de Surveillance du Secteur Financier (‘CSSF’) i Lucsamburg agus pascheadaithe go hÉirinn, d’fhonn an dallamullóg a chur ar thomhaltóirí. Tabhair faoi deara, le do thoil, nach bhfuil ceangal ar bith idir an gnólacht atá údaraithe ag CSSF agus an t-eintiteas calaoiseach. Ar na táirgí a thairgeann an t-eintiteas calaoiseach, áirítear na cinn seo a leanas: · Táirgí Téarma · Bannaí Margaidh Thánaistigh |
Nótaí:
- Aon duine ar mian leo faisnéis maidir le gnólachtaí/daoine den sórt sin a thabhairt don Bhanc Ceannais, féadfaidh siad glaoch a chur ar (01) 224 5800.
- Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le conas is féidir leat tú féin a chosaint ar sceamálacha airgeadais, téigh chuig www.centralbank.ie/sceamalacha
- Foilsítear ainm an ghnólachta thuasluaite faoi alt 53 d’Acht an Bhainc Ceannais (Maoirsiú agus Forfheidhmiú) 2013.