Nuacht

Loan Vendors - Rabhadh ó Bhanc Ceannais na hÉireann maidir le Gnólacht Neamhúdaraithe

07 Feabhra 2025 Warning Notice

Warning

Rabhadh: Gnólacht Creidmheasa Miondíola Neamhúdaraithe
Ainm an Ghnólachta Neamhúdaraithe Loan Vendors
Suíomh gréasáin https://loanvendors.com
Seoladh ríomhphoist a úsáidtear [email protected]
Uimhir ghutháin a úsáidtear

+353 83 113 3636

+353 83 813 1978

+ 353 83 480 6012 (Liostaithe mar WhatsApp amháin)

+353 83 451 6487

+353 83 859 0918

0212 028 388

01 477 0001
Údarú in Éirinn Níl an gnólacht seo údaraithe chun seirbhísí creidmheasa miondíola a sholáthar in Éirinn.
Faisnéis bhreise

Is sampla é an sceamáil seo de ‘chalaois réamhtháille’, áit ina n-iarrtar íocaíocht láithreach sula gcuirtear iasacht ar fáil. Ní chuirtear na hiasachtaí ar fáil riamh.

Tá clónáil déanta ag an ngnólacht neamhúdaraithe seo ar shonraí gnólachta atá údaraithe ag an mBanc Ceannais agus tá sé ag ligean air gur E&L Credit Limited atá ann chun an dallamullóg a chur ar thomhaltóirí. Tabhair faoi deara, le do thoil, nach bhfuil ceangal ar bith idir an gnólacht atá údaraithe ag an mBanc Ceannais agus an t-eintiteas sceamála seo.

Rinne an t-eintiteas iarracht clónáil a dhéanamh ar shonraí an eintitis dhlisteanaigh Stalwart Investments Limited freisin. Tabhair faoi deara, le do thoil, nach bhfuil ceangal ar bith idir an gnólacht atá údaraithe ag an mBanc Ceannais agus an t-eintiteas sceamála seo.
Tuilleadh faisnéise 

Tá an t-eintiteas sceamála ceangailte le heintitis chalaoiseacha eile a bhfuil sceamálacha calaoise réamhtháille á ndéanamh acu faoi na hainmneacha seo:

Moore Money Lenders

MLM Group Loans

 

Nótaí:

  1. Aon duine ar mian leo faisnéis maidir le gnólachtaí/daoine den sórt sin a thabhairt don Bhanc Ceannais, féadfaidh siad glaoch a chur ar (01) 224 5800.
  2. Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le conas is féidir leat tú féin a chosaint ar sceamálacha airgeadais, téigh chuig www.centralbank.ie/sceamalacha
  3. Foilsítear ainm an ghnólachta thuasluaite faoi alt 53 d’Acht an Bhainc Ceannais (Maoirsiú agus Forfheidhmiú) 2013.