Nuacht

Glúin an €uro - Duais na nDaltaí bronnta ag Banc Ceannais na hÉireann ar eacnamaithe, éirimiúla óga na hÉireann

07 Bealtaine 2021 Preas Ráiteas

Central Bank of Ireland

  • An chéad duais buaite ag daltaí ó Choláiste Belvedere i mBaile Átha Cliath.
  • Coláiste Ghobnatan i gCorcaigh agus Coláiste Pobail Chill Orglan (Killorglin Community College) i gCiarraí sa dara háit den chomórtas náisiúnta.

Bhí iomaíocht ghéar ann idir eacnamaithe, éirimiúla óga na hÉireann - daltaí ó Choláiste Belvedere i mBaile Átha Cliath, ó Choláiste Ghobnatan i gCorcaigh, agus ó Choláiste Pobail Chill Orglan i gCiarraí - sa bhabhta náisiúnta de Ghlúin an €uro - Duais na nDaltaí a bhí á reáchtáil ag Banc Ceannais na hÉireann.

Bhuaigh daltaí ó Choláiste Belvedere i mBaile Átha Cliath an chéad duais tar éis dóibh an lámh in uachtar a fháil ar dhaltaí ó Choláiste Ghobnatan agus ó Choláiste Pobail Chill Orglan sa bhabhta náisiúnta.

Is é seo an t-ochtú bliain den chomórtas scoile ina n-iarrtar ar dhaltaí san Idirbhliain agus sa 5ú bliain beartas airgeadaíochta a chinneadh. Bíonn an comórtas á reáchtáil ag Banc Ceannais na hÉireann i gcomhar leis an mBanc Ceannais Eorapch (BCE).

Déanfaidh na daltaí eacnamaíochta, Garret Molloy, Paul Flanagan agus Vincent Lin ó Choláiste Belvedere, agus a múinteoir Caoimhe McCormack, ionadaíocht anois d’Éirinn sa BCE, áit a mbuailfidh siad go fíorúil le hUachtarán an BCE, Christine Lagarde, agus leis na foirne buaiteacha eile as tíortha eile ar fud na hEorpa.

Thug an Leas-Ghobharnóir, Sharon Donnery, ardmholadh do na heacnamaithe óga as páirt a ghlacadh sa bhabhta ceannais: “Tá an Banc Ceannais tiomanta do spreagadh a thabhairt d’eacnamaithe na todhchaí agus léiríonn na daltaí go bhfuil neart daoine óga ann a bhfuil spéis acu san eacnamaíocht agus ar mian leo slí bheatha a bhaint amach sa réimse seo,

“Tréaslaím leis na foirne go léir as a mbuanseasmhacht agus as a gcomhoibriú chun an babhta ceannais a bhaint amach. Léirigh na daltaí go raibh tuiscint ghrinn acu ar phrionsabail na heacnamaíochta agus an bheartais airgeadaíochta, agus ar an obair a bhíonn ar siúl ag an BCE, ag an Eurochóras, agus ag an mBanc Ceannais.

“Ní raibh sé éasca ar an bpainéal moltóireachta buaiteoir a roghnú. Rinne na foirne anailísiú ar na dúshláin atá ann don limistéar euro agus ba cheart iad a mholadh as a bheith in ann measúnú a dhéanamh ar thimpeallacht eacnamaíoch atá ag athrú go mear i gcomhthéacs ghéarchéim COVID-19.”

Dúirt an Leas-Ghobharnóir Donnery an méid seo a leanas faoin bhfoireann bhuaiteach: “Léirigh Coláiste Belvedere go raibh tuiscint mhór acu ar phrionsabail na heacnamaíochta agus an bheartais airgeadaíochta, ar shainordú an BCE maidir le cobhsaíocht praghsanna, agus léiríodar a mioneolas ar an ábhar sna freagraí a thugadar ar na ceisteanna a chuir na heacnamaithe sinsearacha orthu.”