Nuacht
Éileamh intíre ag tacú le geilleagar láidir na hÉireann, riosca Brexit ann i gcónaí - An Banc Ceannais
12 Deireadh Fómhair 2017
Irish Category
- Leanann geilleagar na hÉireann de bheith ag fás ar luas maith agus tá fás láidir, leathan ar fhostaíocht lánaimseartha, ar ioncam agus ar chaiteachas tomhaltóirí ag tacú leis an bhfás sin
- Athbhreithniú beag aníos ar na réamhaisnéisí d’fhás OTI: 4.9 faoin gcéad do 2017 (+0.4 faoin gcéad), 3.9 faoin gcéad do 2018 (+0.3 faoin gcéad)
- Rioscaí ag baint i gcónaí leis an éiginnteacht sheachtrach, lena n-áirítear Brexit, rátaí malairte agus dálaí eacnamaíocha agus trádála domhanda
Tá an ceathrú Faisnéis Ráithiúil do 2017 foilsithe ag an mBanc Ceannais inniu. San Fhaisnéis Ráithiúil, scrúdaítear treochtaí le déanaí sa gheilleagar intíre agus cuirtear réamhaisnéisí an Bhainc Ceannais do gheilleagar na hÉireann i láthair, mar aon lena thuairimí ar shaincheisteanna beartais mhaicreacnamaíoch intíre.
Tuairiscítear an méid seo a leanas san Fhaisnéis Ráithiúil:
- Meastar go dtiocfaidh fás 4.2 faoin gcéad ar an éileamh intíre modhnaithe i mbliana mar aon le fás 3.9 faoin gcéad air an bhliain seo chugainn, is é sin athbhreithniú beag anuas i bhfianaise sonraí tomhaltais a chonacthas níos luaithe sa bhliain.
- Déantar athbhreithniú beag anuas ar an bhfás ar onnmhairí do 2017 go dtí 4.9 faoin gcéad de thoradh onnmhairí laga i réimse na monaraíochta ar conradh sa chéad leath den bhliain.
- Leanann an téarnamh láidir ar infheistíocht i dtógáil agus i bhfoirgníocht sa mhéid gur tháinig méadú 31.8 faoin gcéad ar thógáil tithe in 2017, cé go raibh bonn na tógála sin an-íseal.
- Ar a shon sin, ní dócha go mbainfear amach líon na dtithe nua a bhí beartaithe sna réamh-mheastacháin tosaigh le 18,000 aonad measta do 2017 agus 21,000 do 2018.
- Tá an boilsciú maolaithe i gcónaí - an boilsciú is ísle sa limistéar euro. Meastar go dtiocfaidh fás 0.3 faoin gcéad ar an Innéacs Comhchuibhithe ar Phraghsanna do Thomhaltóirí (TCPT) in 2017 mar aon le fás 0.7 faoin gcéad air in 2018.
Mar a deir an Príomh-Eacnamaí, Gabriel Fagan: “Tá ionchas eacnamaíoch na hÉireann láidir i gcónaí, arna spreagadh ag fostaíocht, fás pá agus ag caiteachas tomhaltóirí. Díol suntais is ea an fás ar fhostaíocht lánaimseartha ó tharla go sáraíonn sé an fás ar an bhfostaíocht fhoriomlán de réir mar a dhéantar obair lánaimseartha d’obair pháirtaimseartha. Cé go ndéantar athbhreithniú beag anuas ar an bhfás ar fhostaíocht fhoriomlán, táimid ag tuar go dtiocfaidh méadú 90,000 ar líon na ndaoine a bheidh ag obair faoi dheireadh na bliana seo chugainn agus go laghdóidh an ráta dífhostaíochta go dtí 5.6%.”
I bhfianaise go dtagann cion sách ard d’allmhairí earraí ón Ríocht Aontaithe, cuireann traschur ó laige steirling i ndiaidh an Reifrinn le brú anuas ar bhoilsciú i bpraghsanna earraí, ar boilsciú é a bhíonn diúltach ar bhonn leanúnach agus a fhritháiríonn praghsanna níos airde ar sheirbhísí, sa chaoi go gcoinnítear boilsciú TCPT gar do nialas.
Mar a deir an tUasal Fagan: “Is cosúil go mbeidh an boilsciú i bpraghsanna earraí diúltach ar bhonn leanúnach, rud atá inchurtha go páirteach d’éifeachtaí moillithe dhímheas an phuint steirling. Dá thoradh sin, tá leibhéal foriomlán an bhoilscithe i bpraghsanna do thomhaltóirí íseal ó thaobh na staire de, rud a chuireann taca faoi fhíorioncam agus faoi thomhaltas teaghlaigh.”
Ó thaobh onnmhairí, tá cuma dhearfach ar an éileamh seachtrach do 2017 agus 2018 sa mhéid go bhfuil feabhas beag ar an ionchas don éileamh ó phríomh-chomhpháirtithe trádála na hÉireann i gcomparáid leis an bhFaisnéis Ráithiúil dheireanach. Ar a shon sin, is dócha go gcuirfidh dímheas an euro in aghaidh an dollair agus an phuint steirling isteach ar onnmhairí. Ina theannta sin, scrúdaítear iarmhéid cuntais reatha na hÉireann leis an Ríocht Aontaithe san Fhaisnéis Ráithiúil. Cé go bhfuil luaineacht ag baint leis, is díol suntais é scála bharrachas trádála na hÉireann leis an Ríocht Aontaithe ó thaobh seirbhísí de.
Mar fhocal scoir, deir an tUasal Fagan: “Go dtí seo, bhí iarmhairt Brexit sách maolaithe agus bhí sí le brath den chuid is mó trí na héifeachtaí a bhí ag punt steirling níos laige. Ní hamháin nach gcuireann Brexit isteach ar sheintimint chustaiméirí ach coinníonn sé srian ar chostais earraí allmhairithe. Cé gur dea-scéala é seo do go leor tomhaltóirí Éireannacha, níor cheart dúinn gannmheas a dhéanamh ar an riosca a bhaineann le Brexit dár rathúnas fadtéarmach i bhfianaise go bhfuilimid neamhchosanta ar gheilleagar na Ríochta Aontaithe.”