Nuacht

Circle Loans - Rabhadh ó Bhanc Ceannais na hÉireann maidir le Gnólacht Neamhúdaraithe

28 Feabhra 2025 Warning Notice

Warning

Rabhadh: Gnólacht Creidmheasa Miondíola Neamhúdaraithe
Ainm an Ghnólachta Neamhúdaraithe Circle Loans
Suíomh gréasáin https://circleloans.net
Seoladh ríomhphoist a úsáidtear [email protected]
[email protected]
[email protected]
Uimhir/(Uimhreacha) g(h)utháin a úsáidtear ·         +353 83 480 6012
·         +353 83 813 1978
·         +353 83 834 5751
·         004 411 630 00115
Údarú in Éirinn Níl Circle Loans údaraithe chun seirbhísí creidmheasa miondíola a sholáthar in Éirinn.
Faisnéis bhreise Is sampla é an chamscéim seo de ‘chalaois réamhtháille’, áit a n-iarrtar íocaíocht láithreach sula gcuirtear iasacht ar fáil. Ní chuirtear na hiasachtaí ar fáil riamh.
Bhain an gnólacht úsáid as ainm gnólachta atá údaraithe ag an mBanc Ceannais agus tá sé ag ligean air gurb é an gnólacht dlisteanach, E & L Credit Ltd, é chun an dallamullóg a chur ar thomhaltóirí. Tabhair faoi deara, le do thoil, nach bhfuil ceangal ar bith idir an gnólacht atá údaraithe ag an mBanc Ceannais agus an t-eintiteas calaoiseach seo.
Tuilleadh faisnéise Tá an t-eintiteas camscéime ceangailte le heintitis chalaoiseacha eile a bhfuil camscéimeanna calaoise réamhtháille á ndéanamh acu faoi na hainmneacha seo a leanas:
Blue Money Lenders
MLM Group Loans (Clón)
Moore Money Lenders
DDA Loans

Nótaí:

  1. Aon duine ar mian leo faisnéis maidir le gnólachtaí/daoine den sórt sin a thabhairt don Bhanc Ceannais, féadfaidh siad glaoch a chur ar (01) 224 5800.
  2. Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le conas is féidir leat tú féin a chosaint ar chamscéimeanna airgeadais, téigh chuig www.centralbank.ie/sceamalacha
  3. Foilsítear ainm an ghnólachta thuasluaite faoi alt 53 d’Acht an Bhainc Ceannais (Maoirsiú agus Forfheidhmiú) 2013.