Nuacht
Buaileann Coimisiún an Bhainc Ceannais le heagraíochtaí ar fud na Gaillimhe
12 Márta 2025
News Categories - Irish

Bhuail Gobharnóir Bhanc Ceannais na hÉireann, Gabriel Makhlouf, agus comhaltaí de Choimisiún an Bhainc Ceannais, le heagraíochtaí ar fud na Gaillimhe le linn cuairt for-rochtana ar an réigiún.
Baineann an chuairt seo le clár for-rochtana an Bhainc Ceannais chun dearcthaí a fháil ó dhaoine ar fud shochaí na hÉireann mar bhonn eolais dá chuid oibre.
Le linn na cuairte dhá lá seo a tharla Dé Luain agus Dé Máirt, bhí plé ag oifigigh ón mBanc Ceannais le gnóthaí áitiúla, fiontraithe agus le heagraíochtaí pobail. Tionóladh cruinniú de Choimisiún an Bhainc Ceannais freisin ar fhearann Ollscoil na Gaillimhe.
Bhuail an Gobharnóir Makhlouf le hionadaithe ó Fhorbairt Tuaithe na Gaillimhe agus phléigh siad saincheisteanna a bhaineann le fiontar tuaithe, cuimsiú sóisialta agus forbairt pobail. Thug sé cuairt ar an Green Bean Café, fiontar pobail i mBaile Átha an Rí a fhéachann le daoine óga faoi mhíchumas a chumasú.
Thug Mary-Elizabeth McMunn, Leas-Ghobharnóir na Rialála Airgeadais, cuairt ar Amharclann an Druid, áit ar phléigh sí na buntáistí eacnamaíocha a bhaineann le tionscail chruthaitheacha agus chultúrtha do gheilleagar na hÉireann.
Bhuail, Vasileios Madouros, Leas-Ghobharnóir na Cobhsaíochta Airgeadaíochta agus Airgeadais, le ceannairí ó Aerogen, déantóir theicneolaíocht néalaitheoraí, agus phléadar an slabhra soláthair athraitheach domhanda.
Bhuail Marcella Flood, an Príomh-Oifigeach Oibríochtaí, le Mbryonics, cuideachta teicneolaíochta spáis chun tuiscint a fháil ar na forbairtí is déanaí ar dhéantúsaíocht agus ar theicneolaíocht cumarsáide gan sreang.
In Ollscoil na Gaillimhe, ghlac an Gobharnóir Makhlouf agus an Leas-Ghobharnóir Madouros páirt i seisiún ceisteanna agus freagraí le mic léinn, faoi chathaoirleacht an Ollaimh le hEacnamaíocht, Alan Ahearne.
Ag labhairt dó i ndiaidh na cuairte, dúirt an Gobharnóir Makhlouf: “Tá sé tábhachtach go mbeidh Banc Ceannais na hÉireann ag éisteacht agus ag plé le daoine san fhíorgheilleagar mar bhonn eolais dár gcuid oibre, go háirithe i dtréimhse na héiginnteachta seo. Chuala muid réimse ilghnéitheach dearcthaí ó na heagraíochtaí ar bhuail muid leo i nGaillimh, rud a chuireann go mór lenár dtuiscint ar an ngeilleagar. Phléigh muid an t-ionchas eacnamaíoch agus an gá le hathléimneacht eacnamaíoch agus an chórais airgeadais a neartú i bhfianaise comhthéacs idirnáisiúnta éiginnte. Tá Gaillimh ar cheann de na réigiúin is mó in Éirinn, le geilleagar láidir agus timpeallacht fhuinniúil ghnó. Is í Gaillimh croílár na hinfheistíochta cúltúrtha, teicneolaíochta agus na hinfheistíochta dírí, agus tugadh léargas dúinn, mar sin, ar na deiseanna fáis agus na dúshláin don fhás, ar fud réimse éarnalacha, sa timpeallacht reatha.”