Nuacht

Bonn Profa Airgid Luke Kelly seolta ag an Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn

24 Deireadh Fómhair 2022 Preas Ráiteas

Banc Ceannais na hÉireann ar Ché an Phoirt Thuaidh

  • Is é an bonn Profa Airgid €15 an bonn deiridh sa tsraith "Ceoltóirí na Linne seo" de bhoinn phrofa airgid, ina raibh boinn a tiomnaíodh do Rory Gallagher agus Phil Lynott freisin.
  • Sheol an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn an bonn go hoifigiúil i Scoil Náisiúnta Lorcáin Uí Thuathail i mBaile Átha Cliath 1, iarscoil Luke Kelly.
  • Níl ach 3,000 bonn ann agus miondíolfar iad ar €64.99.

Sheol Banc Ceannais na hÉireann bonn comórtha airgid inniu (24 Deireadh Fómhair 2022) in ómós do Luke Kelly, nach maireann. Sheol an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn an bonn go hoifigiúil in iarscoil Luke Kelly, Scoil Náisiúnta Lorcáin Uí Thuathail i mBaile Átha Cliath 1. Bhí an tAire Airgeadais Paschal Donohoe i láthair ag an seoladh freisin. Beidh sé ar fáil lena cheannach ó www.collectorcoins.ie/lukekelly ó 2 i.n. inniu agus beidh sé ar miondíol ar €64.99. Níl ach 3,000 bonn ann agus ní féidir ach ceann amháin a cheannach ag an am.

Buaileadh an bonn chuig caighdeán profa in airgead .925 steirling. Is é seo an bonn deiridh sa tsraith "Ceoltóirí na Linne seo" de bhoinn phrofa airgid, ina raibh boinn in ómós do Rory Gallagher agus Phil Lynott roimhe seo agus a raibh an-tóir orthu.

Tá íomhá de Luke Kelly ag canadh ar an mbonn, in ómós dá ghuth ar leith, chomh maith lena bhainseó. Roghnaíodh an dearadh seo ó Mary Gregoriy tar éis comórtas deartha. Dhear Gregoriy boinn chomórtha don Bhanc Ceannais roimhe seo ar a léiríodh James Joyce (2013) agus W.B. Yeats (2015).

Dúirt Leas-Ghobharnóir Gníomhach an Bhainc Ceannais Mark Cassidy:

"Tá an-áthas orainn an bonn seo a eisiúint chun comóradh a dhéanamh ar Luke Kelly, nach maireann, ach a bhfuil an-ghean fós air. Ómós cuí atá ann agus muid ag a iarscoil, Scoil Náisiúnta Lorcáin Uí Thuathail, don seoladh seo agus táimid thar a bheith buíoch don fhoireann agus do na daltaí as fáilte a chur romhainn inniu don ócáid speisialta seo.

"Bhí tionchar mór ag Luke ar chultúr na hÉireann agus chuir a chuid ceoil go mór leis an gcultúr sin agus beidh ardmheas ag na glúnta atá le teacht in Éirinn i gcónaí air. Déanann an bonn seo ceiliúradh ar a oidhreacht agus beidh cuimhne chuí air go deo."

Nótaí don Eagarthóir

Is boinn inbhailithe iad boinn phrofa agus níl sé beartaithe iad a chur i gcúrsaíocht. Déantar iad a bhualadh ag baint úsáid as díslí agus crotáin atá snasta go speisialta agus a chuireann bailchríoch orthu mar a bheadh scáthán ann. Buailtear na boinn seo faoi dhó ar a laghad le linn an phróisis buailte. Déantar iad a láimhseáil ina n-aonar agus a stóráil go maith chun smálú a chosc. Tá difear idir sin agus boinn a bhíonn i gcúrsaíocht go ginearálta agus a bhuailtear uair amháin le linn an phróisis agus a láimhseáiltear ar an mórchóir. De bhrí go mbíonn cuma ar leith, mhionsonraithe agus lonrach ar na boinn, bíonn suim ag bailitheoirí iontu.

Bhí sé i gceist bonn inbhailithe Luke Kelly a chur ar fáil lena dhíol ar dtús in 2020, ach ar an drochuair cuireadh moill air mar gheall ar thionchar Covid-19 agus dúshláin oibriúcháin.