Buntáistí

Tá neart cúiseanna maithe ann le do ghairm a shaothrú i mBanc Ceannais na hÉireann - idir an luach saothair agus an mothú go bhfuil rud fiúntach á dhéanamh agat agus neart rudaí eile. Tá sé tábhachtach dúinn tacú lenár mbaill foirne chun go mbeidh gairm fhiúntach acu, chun go mbeidh siad ábalta barr a gcumais a bhaint amach ar bhonn gairmiúil agus pearsanta, agus chun go mbeidh siad ábalta caidreamh a chothú lena bhfeabhsófar a n-eispéireas laethúil.

Is iad na baill foirne agus an t-atmaisféar a chothaíonn áit speisialta oibre dúinn anseo.  Cothaímid cultúr inar féidir linn cairdeas a dhéanamh agus bualadh le comhghleacaithe, sult a bhaint as ár bpoist fad a thabharfaimid aghaidh ar dhúshláin, rud éigin a thabhairt ar ais don phobal, ár gcomhshaol a chosaint agus barr ár gcumais a bhaint amach tríd an ról tábhachtach atá againn i gcroílár chóras airgeadais na hÉireann.

A bhfuil á thairiscint againn

Sochair agus Buntáistí

  • Buntuarastal maith
  • Pinsean le Sochar Sainithe
  • Saoire bhliantúil fhlaithiúil
  • Dámhachtainí aitheantais
  • Scéimeanna Lasacaine do Ghrúpaí
  • Deiseanna tras-scilbhisithe

Foghlaim agus Forbairt

  • Scéim Oiliúna Acadúil agus Gairmiúil
  • Tacaíocht Oideachais
  • Creat agus tacaíochtaí gairme
  • Curaclam Aon Bhainc
  • Cláir cóitseála agus meantóireachta
  • Deiseanna iasachta agus malartaithe náisiúnta agus idirnáisiúnta
  • Ionad foghlama agus leabharlann

Faigh tuilleadh eolais maidir le Foghlaim agus Forbairt sa Bhanc Ceannais.

Cultúr agus Timpeallacht 

  • Clubanna Spóirt & Sóisialta
  • Cláir ghníomhacha um Fhreagracht Shóisialta Chorparáideach (FSC) 
  • Clár folláine
  • Clár Cúnaimh d'Fhostaithe
  • Campas Glas i gCeantar na nDugaí
  • Teicneolaíocht Mhóibíleach

Agus roinnt rudaí eile ...

  • Bialanna foirne ar an láthair
  • Stáisiúin caife 
  • Torthaí úra gach Céadaoin
  • Club do dhaoine atá ar scor
  • Seachtain Folláine agus Seachtain Ghlas
  • Ranganna corpacmhainne agus spás folláine

    Ar spéis leat an méid seo?  Breathnaigh ar na Folúntais Reatha agus faigh tuilleadh eolais faoin Eispéireas sa Bhanc Ceannais.