Ár Straitéis

Athscribhinn den fhisean 'Ar Straiteis' | (Déan cinnte go bhfuil fianáin "ar siúl" chun an físeán thíos a lódáil.)

I Meán Fómhair 2021, cuireadh an dlaoi mhullaigh ar Straitéis nua Bhanc Ceannais na hÉireann atá ceaptha a chinntiú gur féidir linn dul i ngleic le dúshláin an tsaoil nua seo agus ár misean agus ár bhfís  a bhaint amach. Beidh éifeacht leis an Straitéis nua ó mhí Eanáir 2022.

Cuirfidh ár Straitéis ar ár gcumas leanúint den chuspóir atá leagtha amach in Acht an Bhainc Cheannais 1942  a bhaint amach, is é sin gurb “é leas an phobail i gcoitinne is príomh-chuspóir buan” dúinn.

Ár Straitéis | pdf 5463 KB

Téamaí Straitéiseacha

Tá ár Straitéis bunaithe ar cheithre théama straitéiseacha.

Strategy Theme

Conas a Forbraíodh ár Straitéis

D’fhonn torthaí spriocdhírithe ár Straitéise a bhaint amach, beidh orainn leanúint dár gcuid acmhainní, rioscaí agus tosaíochtaí a bhainistiú, de réir mar a dhéanfaimid ár mbealach sa timpeallacht chasta ina mbímid ag oibriú.

Le linn dúinn ár straitéis nua a fhorbairt, lorgaíomar tuairimí ár mball foirne trí bhíthin grúpaí fócais, seisiúin rannpháirtíochta agus cruinnithe éagsúla lenár líonraí inmheánacha don Fhreagracht Shóisialta Chorparáideach agus don Éagsúlacht agus Iomchuimsiú.

Ina theannta sin, thugamar cuireadh do ghrúpaí abhcóideachta ón tsochaí shibhialta agus do bhaill tionscail a gcuid tuairimí a chur in iúl maidir lenár dtosaíochtaí straitéiseacha ag sraith imeachtaí éisteachta in 2021.

Chuamar i dteagmháil freisin le páirtithe seachtracha trí phróiseas rannpháirtíochta poiblí ar ár suíomh gréasáin.

Tá tuarascáil foilsithe againn ina bhfuil na haighneachtaí a fuaireamar mar chuid den phróiseas sin.

Rannpháirtíocht Phoiblí – Na hAighneachtaí a Fuarthas | pdf 2904 KB

Pleananna Straitéiseacha Roimhe Seo

Féach freisin: