Athbhreithniú ar Chreat na mBeart Morgáiste
(Is gá fianáin a chur “ar siúl” chun an físeán thuas a lódáil) | “Athbhreithniú ar Chreat na mBeart Morgáiste – An tEolas is Déanaí Deireadh Fómhair 2022”
Rinne Banc Ceannais na hÉireann athbhreithniú cuimsitheach ar chreat na mbeart morgáiste ina iomláine le linn na bliana 2021/22.
Is éard is cuspóir leis an athbhreithniú uileghabhálach ná a chinntiú go leanfar leis na bearta de bheith oiriúnach don chuspóir, de bharr athruithe a rinneadh don chóras airgeadais agus don gheilleagar ó cuireadh isteach ar dtús iad sa bhliain 2015.
Leag an Banc Ceannais conclúid an athbhreithnithe amach sa chreat maidir le bearta macrastuamachta morgáiste.
Príomhthorthaí an athbhreithnithe
Athdhearbhaíodh san athbhreithniú ar chreat na mbeart morgáiste a rinne an Banc Ceannais na tairbhí a bhaineann le bearta morgáiste. Leis na bearta, neartaíodh teacht aniar na n-iasachtaithe, na gceannairí agus an gheilleagair ina iomláine, ó bhí an bhliain 2015 ann. Trí chosaint a thabhairt in aghaidh ardleibhéil an fhiachais agus iasachtú neamh-inbhuanaithe sa mhargadh tithíochta, tá stádas níos fearr ag an ngeilleagar ina iomláine chun turraingí dochracha ón am atá caite a sheasamh, lena n-áirítear turraingí a d’eascair as méaduithe ráta úis nó brúnna costais maireachtála.
Déanann an Banc Ceannais measúnú go bhfuil méadú tagtha ar chostais eacnamaíochta na mbeart ó bhí an bhliain 2015 ann, méaduithe a tháinig chun cinn mar gheall ar fhorbairtí struchtúir go bunúsach agus is mar gheall air sin a bhfuil praghsanna tithe atá ag ardú go seasta ann i gcomparáid le teacht isteach teaghlach. Mar thoradh air sin, tháinig an Banc Ceannais ar bhreithiúnas go raibh na hathruithe dírithe de réir mar is cuí chun athchothromaíocht a aimsiú idir na tairbhí agus na costais maidir le calabrú na mbeart agus lena chinntiú go bhfuil na bearta oiriúnach i gcónaí don chuspóir amach anseo.
Tiocfaidh na hathruithe ar na bearta i bhfeidhm an 1 Eanáir 2023, agus ón am sin beidh na nithe seo a leanas i gceist le calabrú na mbeart morgáiste:
- Méadaítear an teorainn LTI do cheannaitheoirí céaduaire (FTBanna) ó 3.5 huaire ioncaim go 4 huaire ioncaim.
- Níl aon athrú ag teacht ar an teorainn LTV do cheannaitheoirí céaduaire agus tá an teorainn sin fós ag 90 faoin gcéad.
- Fanfaidh an teorainn LTI do cheannaitheoirí den dara huair nó dá éis (SSBanna) ag 3.5 uaire a n-ioncaim.
- Tá athrú ag teacht ar theorainn an LTV do SSBanna ó 80 faoin gcéad go dtí 90 faoin gcéad.
- Ní dhéantar aon athrú do na bearta morgáiste maidir le hiasachtú le maoin a cheannach lena ligean ar cíos (BTL) agus beidh teorainn LTV 70% fós i bhfeidhm.
Beidh an méid iasachtaithe atá ceadaithe os cionn na dteorainneacha i bhfeidhm anois ag leibhéal an chineáil iasachtaí (e.g. FTB) seachas an teorainn aonair (e.g. FTB LTI)
- Is féidir 15 faoin gcéad d’iasachtú an FTB a bheith os cionn na dteorainneacha.
- Is féidir 15 faoin gcéad d’iasachtú an SSB a bheith os cionn na dteorainneacha.
- Is féidir 10 faoin gcéad d’iasachtú an BTL a bheith os cionn na dteorainneacha.
Tá an Banc Ceannais ag déanamh roinnt athruithe do na critéir atá ag teastáil ó iasachtaí le bheith á mheas mar FTB chun críocha na mbeart morgáiste.
- Ó thaobh dearcaidh maidir le “tosú as an nua”, d’fhéadfadh sé go mbeadh iasachtaithe a bhfuil colscaradh faighte acu nó atá scartha óna pháirtí/páirtí nó iasachtaithe atá bancbhriste nó faoi dhócmhainneacht á meas mar FTBanna do na bearta morgáiste (i gcás nach bhfuil spéis níos mó acu sa réadmhaoin roimhe seo).
- Maidir leis na FTBanna atá ag iarraidh a morgáiste a athmhaoiniú ar an réadmhaoin chéanna, ar choinníoll gurb é an réadmhaoin sin an príomhtheach a bheidh acu i gcónaí, féadfar iad fós a mheas mar FTBanna.
Leis na hathruithe sin, tugtar aitheantas don aiseolas a fuair an Banc Ceannais tríd na himeachtaí éisteachta agus rannpháirtíochta a reáchtáladh le linn an athbhreithnithe agus tugtar léargas ar an tsochaí a bhfuil cónaí orainn inti.
Le linn dó a bheith ag labhairt ar thoradh an Athbhreithnithe ar Chreat na mBeart Morgáiste, dúirt Vasileios Madouros, Stiúrthóir Cobhsaíochta Airgeadais: “Athdhearbhaíodh san athbhreithniú na tairbhí agus na bearta, trí mhargadh morgáiste níos inbhuanaithe a chothú. Ar an iomlán, thug muid breithiúnas gur cuí a bhí athchalabrú sonraithe na mbeart. Laghdaíonn sé sin roinnt de chostais na mbeart, go háirithe do cheannaitheoirí céaduaire, gan cur as do thairbhí na mbeart.”
Ceann de na príomhghnéithe a bhí san athbhreithniú ná éisteacht leis an bpobal. Rinne muid suirbhé ar líne in Iúil na bliana 2021 le hais sraith d’imeachtaí éisteachta inar iarr muid ar an bpobal agus ar pháirtithe leasmhara eile a gcuid dearcthaí agus an taithí atá acu a roinnt maidir le feidhmiú na mbeart morgáiste, chomh maith le meonta faoin gcuma atá ar mhargadh morgáiste inbhuanaithe. Leis an suirbhé ar líne, tarraingníodh 4107 freagra agus ghlac 42 comhlacht ionadaithe páirt sna himeachtaí éisteachta. Leis an rannpháirtíocht seo, léiríodh tacaíocht láidir maidir le bearta de shaghas éigin a bheith i bhfeidhm in Éirinn chun caighdeáin iasachtaithe morgáiste inbhuanaithe a chinntiú. Cuirtear achoimrí ar fáil sna tuarascála seo a leanas, achoimrí ar an aiseolas saibhir luachmhar a fuair muid - leis an aiseolas sin uile cuidítear eolas a chur ar fáil do thoradh an athbhreithnithe.
D’fhoilsigh an Banc Ceannais Páipéar Comhairliúcháin 146 - Athbhreithniú ar Chreat na mBeart Morgáiste (CP146) ar an 17 Nollaig 2021. Ba é an 16 Márta 2022 an dáta deiridh chun na freagraí a chur isteach agus fuarthas 16 freagra. Leis an aiseolas a fuarthas, cuireadh eolas ar fáil faoi na conclúidí deiridh maidir le dearadh an chreata.
Tuarascáil Achomair - Imeachtaí Éisteachta agus Rannpháirtíochta ón Athbhreithniú ar Chreat na mBeart Morgáiste | pdf 606 KB
An tAthbhreithniú ar Chreat na mBeart Morgáiste - Torthaí Mionsonraithe ar an Suirbhé Rannpháirtíochta Poiblí ar Líne | pdf 1771 KB
CP146 – Athbhreithniú ar Chreat na mBeart Morgáiste | pdf 1537 KB
Féach freisin: