Séanadh

Úsáideann an t-úsáideoir an suíomh gréasáin seo ar a p(h)riacal féin.
Ní bheidh Banc Ceannais na hÉireann faoi aon dliteanas mar gheall ar aon chaillteanas nó damáiste a thrúigtear de bhíthin faillí nó cúise eile de bharr an fhaisnéis atá ar an suíomh seo a úsáid nó bheith ag brath ar an bhfaisnéis sin.

Ba chóir d'úsáideoirí a thabhairt faoina n-aire nach bhfuil sé i gceist gur inneachar cuimsitheach atá ann ná nach ndéanann sé ionadú nó cealú ar aon fhorálacha reachtaíochta, ar aon chód ceangailteach ná ar aon treoirlínte nó gnáthaimh fhoilsithe. Ba chóir féachaint ar an gcáipéisíocht phríomha, na treoirlínte príomha agus/nó an reachtaíocht phríomha i gcónaí.

Cóipcheart

Maidir le cóipcheart an ábhair atá le fáil ar an suíomh seo, is maoin de chuid Bhanc Ceannais na hÉireann é mura luaitear a mhalairt. Ní mór cead a fháil ó Bhanc Ceannais na hÉireann sula ndéantar an t-ábhar seo nó aon chuid de a chóipeáil nó a oiriúnú ar bhealach ar bith nó a chur ar fáil don phobal ar mhodh ar bith agus tá cead den chineál sin ag brath ar aitheantas cuí a thabhairt do chearta Bhanc Ceannais na hÉireann.

Tugtar cead (ceadúnas) duit:

  • an t-ábhar a bhrabhsáil (lena n-áirítear cibé cóipeanna a dhéanamh i RAM nó i ngléas stórála sealadach chun éascaíocht a dhéanamh don bhrabhsáil sin)
  • cóipeanna crua a phriontáil d'úsáid phearsanta nó ghnó 
  •  naisc a chruthú chuig leathanach baile Bhanc Ceannais na hÉireann, comhaid a shábháil, leathanaigh a dháileadh agus a atáirgeadh - ar an gcoinníoll go luaitear an fhoinse agus nach mbíonn an t-ábhar riastartha. (N.B. Ní mór, go háirithe, do URLanna ar shuíomhanna pearsanta nó gnó a threoraíonn úsáideoirí chuig gnéithe dár suíomh gréasáin a shocrú ar bhealach nach mbeidh i bhfuinneog an bhrabhsálaí ach an t-ábhar a fhaightear ó na freastalaithe againne agus é sin amháin)

Féach ar ár leathanach um Athúsáid Fhaisnéis na hEarnála Poiblí (Link- ASGFTR 1.3), ar a bhfuil an ceadúnas a bhfuil an athúsáid faoina réir.

An t-eolas is déanaí

Féadfar go ndéanfar athruithe ar an suíomh seo ó am go ham. Cé go ndéanann Banc Ceannais na hÉireann iarracht cruinneas agus tráthúlacht gach ábhar a chuirtear ar an suíomh a chinntiú, ní ghlacann sé le haon fhreagracht as earráidí nó eolas easnamhach a thrúigtear de bhíthin cúiseanna teicniúla nó eile.

Ina theannta sin, séanann Banc Ceannais na hÉireann go sonrach gach freagracht as damáiste nó caillteanas a thrúigtear de bhíthin úsáid an eolais a chuirtear ar fáil anseo.

Tá an ceart ag Banc Ceannais na hÉireann aon eolas atá ar an suíomh gréasáin seo a scriosadh nó a athrú, i bpáirt nó ina iomláine, gan fógra a thabhairt roimh ré.

© Banc Ceannais na hÉireann 2010 Gach ceart ar cosaint.