Nuacht

Tuarascáil Bhliantúil do 2017 foilsithe

09 Bealtaine 2018 Irish Category

Central Bank of Ireland

  • €2.6 billiún de bhrabach tuairiscithe do 2017 agus €2.1 billiún íoctha leis an Státchiste
  • Leagann an tuairiscbéim ar chur chuige athbhreithnithe i ndáil le rialáil de bhun piléir ar leith stuamachta agus iompair.
  • Tugann an Gobharnóir Lane cuireadh don phobal cur le forbairt an chéad phlean straitéisigh eile de chuid an Bhainc Ceannais.

D'fhoilsigh Banc Ceannais na hÉireann a Thuarascáil do 2017. Leagann an tuairisc amach an chaoi a seachadann an Banc Ceannais ár misean i dtaca le cobhsaíocht a chaomhnú agus tomhaltóirí a chosaint. Tugann an tuairisc cuntas ar na príomh-éachtaí agus na gníomhaíochtaí a cuireadh i gcrích in 2017 chun plean straitéiseach an Bhainc Ceannais a chomhlíonadh i ndáil le feidhmeanna baincéireachta lárnaí, rialála agus oibriúcháin.

Tuairiscíonn an Banc Ceannais brabach airgeadais €2.6 billiún do 2017. Ach a mbaintear tuilleamh coimeádta de sin, íocfar ioncam farasbairr um €2.1 billiún leis an Státchiste. Is léiriú é an brabach sin ar iarmhairtí na géarchéime airgeadais i gcónaí, idir anseo in Éirinn agus i limistéar an euro. Rachaidh brabaigh cheannlíne an Bhainc Ceannais chun normalachta sa mheántéarma, ach a gcuirfear deireadh de réir a chéile le tionchar sealadach phunann sealadach na nótaí lena mbaineann rátaí comhlúthacha.

Ag labhairt dó ag seoladh na dtuarascálacha, thrácht an Gobharnóir Lane ar phríomhthosaíochtaí agus ar phríomh-éachtaí na bliana seo caite. Thuairisc sé go bhfuiltear ag súil leis go leanfaidh an téarnamh geilleagrach ar aghaidh ar leibhéil na hÉireann, na hEorpa agus an domhain sa tréimhse bheag seo atá romhainn amach - de bhun straitéis oiriúnaithe airgeadaíochta an Bhainc Ceannais Eorpaigh ar fud chóras an Euro - ach nár mhór rioscaí iarmharacha micreairgeadais a bhainistiú go stuama chomh maith. "Tá fáilte mhór roimh fheidhmíocht níos fearr gheilleagrach maidir lena tionchar dearfach ar chaighdeáin mhaireachtála agus ar chobhsaíocht airgeadais,” a dúirt sé. “Mar sin féin, is mó an luaineacht a bhaineann le tíortha beaga a bhraitheann go mór ar an ngeilleagar domhanda dá leithéidí Éire ná mar a bhaineann le geilleagair níos mó, rud a chiallaíonn gur féidir linn fás go tréan ar feadh tréimhsí fada ach go bhfuilimid níos leochailí i leith suaitheadh diúltach. Ní mór a bheith san airdeall i gcónaí ar shuaitheadh diúltach i ndáil le fiachas príobháideach agus poiblí agus le córas maicreairgeadais na hÉireann.”

“Leanamar orainn, i mbliana, ag déileáil le tionchar an Bhreatimeachta, agus muid ag tarraingt airde ar na mórdhúshláin agus ar an riosca a bhaineann leis do gheilleagar na hÉireann agus ar na dúshláin a chaithfidh gnólachtaí rialáilte a shárú,” ar seisean. “Is dóigh linn go dtiocfaidh méadú i dtóllamh ar líon na ngnólachtaí ar mian leo láithreacht a bhunú in Éirinn. Éilímid freisin go mbeadh pleananna láidre i bhfeidhm ag gnólachtaí rialáilte atá lonnaithe anseo cheana féin chun déileáil leis an mBreatimeacht, cibé cuma a bheidh air, go háirithe na cuideachtaí sin atá ag brath ar an Ríocht Aontaithe. Is ábhar imní é a laghad ullmhúcháin atá roinnt gnólachtaí a dhéanamh.”

Thuairisc sé go ndearnadh obair nach beag i ndáil le scrúdú na morgáistí rianaithe, go háirithe i dtaca le cúiteamh a aisíoc le breis agus 37,000 custaiméir. “Is tosaíocht mhór do 2018 é go dtabharfaí an scrúdú chun críche - lena n-áirítear measúnú ar chultúr eagraíochtúil na bpríomhbhanc,” a dúirt sé.

Tugann an Ráiteas Bliantúil Feidhmíochta cuntas ar an obair a rinneadh maidir le rialú airgeadais, a bhí bunaithe ar chur chuige feabhsaithe rialála de bhun athstruchtúrú na rialála airgeadais ina piléir rialála stuamachta agus iompair airgeadais. Le linn 2017, lean an Banc Ceannais ar aghaidh ag feabhsú a chuid acmhainní i bpríomhréimsí agus chuir sé feabhsuithe suntasacha i bhfeidhm ar a thacar uirlisí rialála ag a raibh tacaíocht ó chur chuige éifeachtach, ionsáiteach agus anailíseach maoirseachta a bhí dírithe ar thorthaí. De bhun gníomhaíocht forfheidhmithe, lean an Banc Ceannais ar aghaidh ag leagan freagrachta ar ghnólachtaí agus agus ar dhaoine aonair as an gcreat rialála a shárú agus ag cosaint shláine ár bpróiseas forfheidhmiúcháin.

Mar fhocal scoir, thug an Gobharnóir Lane cuireadh don phobal cur le forbairt an chéad phlean straitéisigh eile de chuid an Bhainc Ceannais, plean a chuimseoidh 2019 go 2021. “Táimid ag cur tús inniu le tréimhse rannpháirtíochta pobail i ndáil leis na tosaíochtaí a bheidh againn amach anseo,” a dúirt sé. “Cuirimid fáilte roimh thuairimí agus mholtaí ó dhaoine aonair nó ó eagraíochtaí a bhfuil tuairimí acu a chabhródh linn ár bplean nua a fhorbairt.”

Is féidir tuairimí ar na saincheisteanna seo a sheoladh chuig an mBanc Ceannais ar ríomhphost chuig [email protected]. Is féidir aighneachtaí a dhéanamh go dtí an 8 Meitheamh 2018.