Nuacht

Rabhadh ó Bhanc Ceannais na hÉireann maidir le Gnólacht Creidmheasa Miondíola Neamhúdaraithe

07 Samhain 2016 Irish Category
D’fhoilsigh Banc Ceannais na hÉireann ('an Banc Ceannais') inniu (07 Samhain 2016) ainm gnólachta neamhúdaraithe, Maxwell Finances (Ireland). Níl Maxwell Finances (Ireland) údaraithe ag an mBanc Ceannais mar ghnólacht creidmheasa miondíola.

Tá liosta de na gnólachtaí neamhúdaraithe go léir arna bhfoilsiú go dtí seo le fáil ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais.

Is cion coiriúil é ag gnólacht/duine neamhúdaraithe seirbhísí airgeadais a sholáthar in Éirinn, ar seirbhísí iad a gceanglaítear údarú ina leith ón mBanc Ceannais faoin reachtaíocht ábhartha. Tabhair faoi deara, le do thoil, nach mbeidh tomhaltóirí i dteideal cúiteamh a fháil ón Scéim um Chúiteamh d’Infheisteoirí má bhíonn siad ag plé le gnólacht/duine neamhúdaraithe.

Aon duine ar mian leis nó léi faisnéis maidir le gnólachtaí/daoine den sórt sin a thabhairt do Bhanc Ceannais na hÉireann, féadfaidh sé nó sí glaoch a chur ar (01) 224 4000. Is féidir le daoine den phobal glaoch a chur ar an uimhir seo freisin chun a fháil amach an bhfuil gnólacht ar leith údaraithe. Ó tarmligeadh na cumhachtaí dlíthiúla iomchuí don Bhanc Ceannais i mí Lúnasa 1998, tá ainmneacha 283 gnólacht neamhúdaraithe foilsithe aige.

Foilsítear ainm an ghnólachta thuasluaite faoi Acht an Bhainc Ceannais (Maoirsiú agus Forfheidhmiú) 2013.