Nuacht

D'fhéadfadh eacnamaithe óga tréimhse socrúcháin le Banc Ceannais na hÉireann a bhuachan

15 Márta 2019 Preas Ráiteas

Central Bank of Ireland

• Banc Ceannais na hÉireann ag obair leis an tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí (PDST) maidir leis an gcomórtas d'Eacnamaí Óg na Bliana (YEOTY)
• Deis ag daltaí ábhar taighde maidir leis an mBreatimeacht, le heacnamaíocht na hÉireann nó leis an bpolasaí airgeadaíochta i gceist le Gradam an Bhainc Cheannais
• Duais airgid agus deis oibriú leis an mBanc Ceannais ina chuid den urraíocht atá an Banc Ceannais a dhéanamh ar an gcomórtas.

Beidh urraíocht á dhéanamh ag Banc Ceannais na hÉireann ar Ghradam nua an Bhainc Cheannais mar chuid de chomórtas Eacnamaí Óg na Bliana PDST 2019.  Cuireann na céadta isteach gach bliain ar an gcomórtas do dhaltaí dara leibhéal le tionscadail maidir le réimsí éagsúla den eacnamaíocht a bhfuil leathnú orthu sa bhliain 2019 ionas go leagtar béim ar chúrsaí eacnamaíochta i limistéar an euro agus ar an obair a dhéanann Banc Ceannais na hÉireann.

Tugtar deis le Gradam an Bhainc Cheannais do dhaltaí cíoradh a dhéanamh ar cheisteanna maidir leis an mBreatimeacht, le heacnamaíocht na hÉireann nó leis an bpolasaí airgeadaíochta.  Moltar do dhaoine a chuireann isteach ar an ngradam seo an nuálaíocht a thapú i mbun an t-ábhar a iniúchadh, agus is féidir freisin cur i láthair don tsúil, físeán, filíocht nó aiste a chur faoi bhráid a ndéanfaidh an mheitheal eacnamaíochta sa Stiúrthóireacht Eacnamaíochta agus Staitisticí sa Bhanc Ceannais iad a mheas.

Tá daltaí ar fud na tíre gnóthach dícheallach i mbun oibre cheana féin agus iad ag ullmhú a gcuid iarrachtaí le cur isteach ar ghradam PDST YEOTY agus ba cheart do na hiarratasóirí a thabhairt le fios an mian leo a bheith san áireamh don ghradam seo ar a gcuid foirmeacha iarratais faoin spriocdháta ar an 26 Márta.

Cuirfear na hiarratasóirí incháilithe ar ghearrliosta agus tabharfar cuireadh dóibh a theacht i láthair ag lá ceiliúrtha PDST YEOTY  an 2 Bealtaine i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath mar a bhfógrófar buaiteoirí Ghradam an Bhainc Cheannais.  Bronnfar bonn cuimhneacháin speisialta ,arna dhearadh go sainiúil don ghradam, ar na buaiteoirí chomh maith le duais airgid €500 agus socrúchán oibre ar feadh dhá sheachtain sa Bhanc Ceannais.

Dúirt Mark Cassidy, Stiúrthóir Eacnamaíochta agus Staitisticí le Banc Ceannais na hÉireann: ‘Is díol spéise i gcónaí dearcadh agus tuairimíocht nua a fheiceáil faoin obair a bhíonn ar siúl againn agus is mian leis an mBanc Ceannais saothar aitheantais a thabhairt do shaothar a bhfuil tábhacht faoi leith aige leis an gcúram a leagtar orainn.  Táthar ag tnúth le hathbhreithniú a dhéanamh ar thionscadail maidir leis an mBreatimeacht, eacnamaíocht na hÉireann agus an beartas airgeadaíochta.

‘Cé go bhfuil cruacheisteanna casta i gceist, tá buntábhacht leo maidir le feidhmiú na heacnamaíochta agus cur isteach acu dá réir sin ar ghnáthshaol an uile dhuine againn.  Is dóigh liomsa gur maith an seans agus tionscadail maidir le hEacnamaí Óg na Bliana PDST á mbreathnú againn, go mbeidh tús a gcuid taighde ó dhaoine a bheidh ina gcomhghleacaithe againn san am atá romhainn á léamh againn – daoine a bheidh i mbun an bhainc ceannais agus  na rialtóirí airgeadais san am atá le teacht.’

Dúirt Ciara O’Donnell, an Stiúrthóir Náisiúnta ar an tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí: ‘Is ábhar ríméid ag PDST tús a fheiceáil á chur leis an séú bliain de thionscnamh YEOTY agus sinn ag féachaint le leanúint leis an eacnamaíocht a chur chun cinn mar phríomhábhar staidéir ag lucht foghlama an 21ú aois.  Tá an tionscnamh seo bunaithe go mór ar thionscadail a bhaineann le fiosrú an dalta faoi cheisteanna leanúnacha dáiríre de chuid na linne seo a chuireann isteach ar shaol an duine ó lá go lá.  Chuige sin, fáiltítear roimh an gcomhar páirtnéireachta seo atá tugtha chun cinn le Banc Ceannais na hÉireann ar léiriú breise ar a bpáirt sa tionscadal an ról láidir a fhéadann a bheith le guth an dalta agus fiosrú á dhéanamh ar cheisteanna a bhfuil buntábhacht leo maidir le comhthéacs eacnamaíochta na hÉireann agus a mbaineann leis na ceisteanna sin á chur i láthair.’

Ní mór iarratais maidir le PDST YEOTY 2019 a fháil faoin 26 Márta; tá mioneolas iomlán ar fáil ar  https://pdst.ie/youngeconomist

Nótaí

Is tionscnamh de chuid na Seirbhíse um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí (PDST) atá in Eacnamaí Óg na Bliana (YEOTY) a bhfuil cúnamh taca ina leith á chur ar fáil ag Scoil an Oideachais agus ag Scoil na hEacnamaíochta i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath; ag Roinn na hEacnamaíochta, na Cuntasaíochta agus an Airgeadais, Ollscoil Mhá Nuad; ag Scoil an Ghnó agus na hEacnamaíochta agus ag Scoil an Oideachais in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh; ag Cumann Eacnamaíochta na hÉireann (IEA); ag Ionad Oideachais Laoise; ag Seirbhís Eacnamaíochta agus Luachála Rialtas na hÉireann (IGEES) agus ag Banc Ceannais na hÉireann.  An Brainse Oideachas Múinteoirí (TES) sa Roinn Oideachais agus Scileanna (DES) a dhéanann maoiniú ar an PDST agus Ionad Oideachais Iarthar Bhaile Átha Cliath a dhéanann an obair bainistíochta.