Nuacht

Éiginnteacht ina riosca don fhás eacnamaíoch - rabhadh ón mBanc Ceannais

25 Eanáir 2019 News Categories - Irish

Central Bank of Ireland

  • D’fhéadfadh aschur 4 faoin gcéad níos lú sa chéad bhliain eascairt as Brexit mí-ordúil, ach tá fostaíocht agus fás chun fanacht dearfach ar an iomlán
  • Moilliú ar fhás eacnamíoch fós tuartha, fiú má bhíonn Brexit ordúil ann, i ngeall ar an gcéim chun cinn ag a bhfuilimid sa timthriall eacnamaíoch agus i bhfianaise timpeallacht eacnamíoch idirnáisiúnta éiginnte
  • Rioscaí intíre agus seachtracha don réamhaisnéis fós ann

Tá an chéad Fhaisnéis Ráithiúil do 2019 foilsithe ag an mBanc Ceannais inniu. San Fhaisnéis Ráithiúil seo, scrúdaítear na treochtaí atá feicthe le déanaí sa gheilleagar intíre agus cuirtear réamhaisnéisí an Bhainc Ceannais do gheilleagar na hÉireann i láthair, mar aon lena thuairimí ar shaincheisteanna beartais eacnamaíoch intíre.

Tuairiscítear an méid seo a leanas san Fhaisnéis Ráithiúil:

  • Meastar go mbeidh fás eacnamaíoch ag 4.4% i mbliana agus go dtiocfaidh maolú air go 3.6% in 2020.
  • Tuartar go dtiocfaidh laghdú eile ar dhífhostaíocht go 4.9% agus go 4.7% in 2019 agus in 2020 faoi seach.
  • Meastar go dtiocfaidh méadú 3.4% ar chúiteamh in aghaidh an fhostaí in 2019 agus méadú 3.6% in 2020.
  • Meastar go dtiocfaidh ardú meánach ar bhoilsciú. Tugann na meastúcháin atá anois ann le fios go mbeidh boilsciú ICPT ag 0.8% agus ag 1.3% in 2019 agus in 2020 faoi seach.

Bunaíodh na réamhaisnéisí lárnacha san Fhaisnéis seo ar an mbonn go dtiocfaidh idirthréimhse i bhfeidhm ar an 30 Márta, an dáta atá an Ríocht Aontaithe chun an tAontas Eorpach a fhágáil. I ngeall ar chás Brexit, atá gan fasach, tá éiginnteacht mheasartha mhór ann maidir le torthaí féidearta Brexit, ach tá an Banc Ceannais chun anailís a fhoisliú inniu ar éifeachtaí Brexit ‘gan chomhaontú’, ar ceann de na cásannna féideartha é. I measc na dtorthaí féideartha tá:

  • Cur isteach láithreach ar mhargaí airgeadais, chomh maith le tuilleadh laghduithe ar luach steirling, rud a d’imreodh tionchar diúltach ar iomaíocht onnmhaireoirí Éireannacha.
  • Meathlú ar dhálaí eacnamaíocha agus ionchas níos diúltaí. Dá bharr sin, ghearrfadh gnóthais siar ar infheistíocht agus laghdódh tomhaltóirí a gcuid caiteachais.
  • Suiatheadh do shlabhraí soláthair agus d’iompar earraí go hÉirinn agus amach as Éirinn, rud a chuirfeadh isteach ar tháirgeadh agus bheadh costais ní b’airde dá bharr.
  • Laghdú ar onnmhairí Éireannacha de bharr éileamh ní ba lú ón Ríocht Aontaithe, taraifí ní b’airde agus constaicí neamhtharaife (amhail seiceanna agus páipéarachas) agus éifeachtaí rátaí malairte.
  • Iarmhairtí don airgeadas poiblí de bharr fás eacnamaíoch ní ba laige.
  • Laghdú oiread agus 4 phointe faoin gcéad ar fhás eacnamaíoch (ONI) sa chéad bhliain iomlán. Leis sin, bheadh fás ONI um 1.5% in 2019*, agus ciallaíonn sé sin go mbeadh fostaíocht agus fás fós dearfach ar an iomlán.
  • Laghdú féideartha 6 phointe faoin gcéad ar aschur thar thréimhse 10 mbliana, ach arís eile bheadh fostaíocht agus fás fós dearfach ar an iomlán.

Tá sé tábhachtach roinnt tosca a thabhairt faoi deara a d’fhéadfadh an réamhaisnéis d’imeacht mí-ordúil a fheabhsú. Áirítear leis sin síneadh le dáta imeachta na Ríochta Aontaithe, rud a thabharfadh níos mó ama do ghnóthais agus do theaghlaigh chun ullmhúchán a dhéanamh, agus méadú féideartha ar infheistíocht dhíreach choigríche a bheadh curtha isteach sa Ríocht Aontaithe murach Brexit. Sa bhreis air sin, tá obair ullmhúcháin shuntasach déanta cheana féin chun na rioscaí is láithrí agus is ábhartha don chobhsaíocht airgeadais a mhaolú.

I gcás gur féidir Brexit mí-ordúil a sheachaint, leanfaidh an Banc Ceannais de stuamacht fhioscach a mholadh i ngeall ar rioscaí eile atá romhainn, amhail éiginnteacht maidir le hioncam ó cháin chorparáideach. Fad is atá an geilleagar ag druidim i dtreo lánfhostaíochta, is gá cosaint a thabhairt ar an riosca go mbeadh róbhorradh ann. Ar an taobh seachtrach, sa bhreis ar Brexit, tá an t-ionchas eacnamaíoch idirnáisiúnta lagaithe ó foilsíodh an Fhaisnéis dheireanach, fad is atá rioscaí ann fós a bhaineann le trádáil idirnáisiúnta agus le cáin idirnáisiúnta.

Dúirt Mark Cassidy, an Stiúrthóir ar Eacnamaíocht agus Staidreamh:

“Tuartar go leanfaidh an geilleagar ag fás ar luas sách seasmhach, cé go meastar go dtiocfaidh moilliú air sin i gcomhréir le haschur eacnamaíoch idirnáisiúnta agus leis an áit ina bhfuilimid sa timthriall eacnamaíoch reatha.

“Dá ainneoin sin, d’fhéadfadh Brexit mí-ordúil ‘gan chomhaontú’ treo gheilleagar na hÉireann a athrú go suntasach sa ghearrtheárma agus san fhadtéarma araon, le caillteanas suntasach, buan d’aschur. Mar sin féin, meastar go bhfanfaidh fostaíocht agus fás dearfach ar an iomlán, agus tá obair mhór déanta chun cosaint a thabhairt ar na rioscaí atá roimh an gcóras airgeadais, ar a ndéanann an Banc Ceannais maoirsiú.

"Cé go bhfuil Brexit go mór chun cinn sna ceannlínte nuachta, ní féidir linn neamhaird a thabhairt ar na rioscaí eile roimh an ngeilleagar, amhail róbhorradh agus an timpeallacht idirnáisiúnta trádála agus cánach. Beidh ár gcumas chun cúluithe amach anseo a sheasamh neartaithe go mór má chruinnítear barrachais mhóra agus maoláin san airgeadas poiblí anois, go háirithe más féidir Brexit gan chomhaontú a sheachaint.”

*Bunaithe ar an tionchar thar thrí ráithe (Aibreán - Nollaig 2019).

Nóta: Tá taighde san Fhaisnéis freisin ina bhfiosraítear an fás suntasach ar onnmhairí cógaisíochta, ar tháinig fás 29% bliain ar bhliain orthu sa chéad 10 mí go Deireadh Fómhair 2018. Féach Bosca C le haghaidh tuilleadh sonraí.