Nuacht

Curtha in iúl san athbhreithniú go bhfuil gnéithe lárnacha na mbeart morgáiste gan athrú

30 Samhain 2017 Irish Category

Houses in a row

  • Na bearta morgáiste bunaithe go daingean anois mar ghné bhuan de mhargadh morgáiste na hÉireann chun stóinseacht na mbanc agus na n-iasachtaithe a neartú agus chun a áirithiú go mbeidh an córas ábalta turraingí eacnamaíocha amach anseo a sheasamh.
  • Gnéithe lárnacha na mbeart - na teorainneacha ar chóimheasa iasachta le hioncam (CII) agus iasachta le luach (CIL) - gan athrú.
  • Lamháltais leithleacha iasachta le hioncam tugtha isteach do cheannaitheoirí céaduaire agus do cheannaitheoirí den dara huair chun simplíocht agus éifeachteacht na mbeart a fheabhsú.

Tá toradh an athbhreithnithe bhliantúil ar na bearta morgáiste chónaithe foilsithe ag Banc Ceannais na hÉireann. Tá an t-athbhreithniú bunaithe ar anailís a rinneadh ar shonraí maidir le hiasachtú morgáiste i gcomhthéacs forbairtí sa mhargadh tithíochta níos leithne. San athbhreithniú, breithníodh socrú iomchuí na mbeart do 2018 i bhfianaise na ndálaí reatha agus i bhfianaise an ionchais do na margaí creidmheasa agus tithíochta. Rinneadh scrúdú freisin ar aon saincheisteanna praiticiúla cur chun feidhme a sainaithníodh mar chuid d’fhaireachán agus de mhaoirseacht leanúnach an Bhainc Ceannais ar sholáthraithe rialáilte morgáiste.

Tugadh na bearta morgáiste isteach mar ghné bhuan den mhargadh in 2015 chun stóinseacht na mbanc agus na n-iasachtaithe a neartú agus chun a áirithiú go mbeadh an córas ábalta turraingí eacnamaíocha a sheasamh amach anseo. Tá na bearta mar phríomhghné de bheartas macrastuamachta an Bhainc Ceannais i gcomhréir lenár sainordú chun cobhsaíocht airgeadais a choimirciú agus chun tomhaltóirí a chosaint. I gcomhréir lenár sainordú, gabhann an Banc Ceannais air féin a áirithiú gur ról inbhuanaithe a bheidh ag creidmheas morgáiste sa mhargadh tithíochta níos leithne. Níl na bearta seo ceaptha díriú ar leibhéal áirithe fáis i bpraghsanna tithe.

Agus toradh an Athbhreithnithe á fhógairt aige, dúirt an Gobharnóir Philip R. Lane, “Tugtar le fios ón anailís atá déanta againn go bhfuil leibhéal na bpraghsanna tithe i gcomhréir tríd is tríd le forbairtí eacnamaíocha reatha ach tá sé tábhachtach go ndéanfar na rioscaí do theaghlaigh agus do bhainc a mhaolú i gcás ina dtiocfaidh titim ar phraghsanna tithe amach anseo. Ar an mbonn seo, ní bheidh aon athrú ar ghnéithe lárnacha na mbeart, eadhon na teorainneacha ar an gcóimheas iasachta le hioncam (CII) agus ar an gcóimheas iasachta le luach (CIL), in 2018. Beidh an iasacht teoranta do 3.5 uair ioncam an iasachtaí. Is é seo cúltaca na mbeart agus is bac riachtanach é ar iasachtú contúirteach.

“Ar a shon sin, tugann ár gcuid anailíse le tuiscint go bhféadfadh go n-oibreodh na bearta ar mhodh níos éifeachtaí dá dtabharfaí isteach lamháltais leithleacha iasachta le hioncam, cosúil leis na lamháltais iasachta le luach a thugamar isteach anuraidh. Ó mhí Eanáir 2018, beidh linnte leithleacha lamháltais CII ann do cheannaitheoirí céaduaire (CCUanna) agus do cheannaitheoirí den dara huair (CDUanna); ceadófar go mbeidh suas le 20 faoin gcéad de luach an iasachtaithe nua do CCUanna agus suas le 10 faoin gcéad de luach an iasachtaithe nua do CDUanna os cionn theorainn 3.5 CII.

"Freagraíonn siad seo, tríd is tríd, do na pátrúin reatha an iasachtaithe os cionn theorainn CII do CCUanna agus do CDUanna. I dteannta le scaradh lamháltais CIL a thugamar isteach anuraidh do ghrúpaí CCU agus CDU, cuireann an leasú seo creat fadtéarmach beartais níos simplí agus níos inbhuanaithe ar fáil. Le lamháltas níos mó le haghaidh iasachtú os cionn na teorann do CCUanna i gcomparáid le CDUanna, léirítear gnéithe difriúla an dá ghrúpa seo. Go hiondúil, bíonn ceannaitheoirí céaduaire níos óige agus bíonn a leibhéil ioncaim reatha níos ísle ná a leibhéil ionchais ioncaim amach anseo. É sin ráite, tá na bearta sách solúbtha i gcónaí chun a chumasú dúinn freagairt d’aon fhorbairtí maidir le hiasachtú contúirteach má thagann siad chun cinn in aon cheann de na grúpaí ceannaitheoirí sin.“

Sa tuarascáil mhionsonraithe a foilsíodh inniu, leagtar amach an anailís a bhí mar bhonn agus mar thaca ag na hathruithe a rinneadh de bhun an Athbhreithnithe. Tugtar cur síos sa tuarascáil freisin ar leasú teicniúil breise ar na bearta morgáiste i ndáil le luach comhthaobhachta a ríomh i gcás na morgáistí go léir arna n-eisiúint le haghaidh talún a bhfuil rún tógáil uirthi.

Mar chuid den athbhreithniú bliantúil ar na bearta morgáiste, leanfaidh an Banc Ceannais d’fhaireachán a dhéanamh ar fhorbairtí.

Mar fhocal scoir, dúirt an Gobharnóir Lane: “Leanfaimid d’fhaireachán a dhéanamh ar fhorbairtí trí bhíthin ár gcuid athbhreithnithe bliantúla agus táimid ullamh agus ábalta coigeartú a dhéanamh ar na bearta seo atá dírithe ar iasachtaithe agus/nó ar aon uirlisí beartais macrastuamachta eile, de réir mar is cuí, chun inbhuanaitheacht fhadtéarmach iasachtú morgáiste in Éirinn agus cobhsaíocht an chórais airgeadais níos leithne a choimirciú agus chun tomhaltóirí a chosaint.”