Nuacht

Tá slánú á chur i bhfeidhm ag 80 faoin gcéad de thomhaltóirí tar éis aon bhliain amháin

19 Meán Fómhair 2016 Irish Category
  • Ráta feidhmithe 80% á bhaint amach ag miondíoltóirí de réir suirbhé RG Data
  • 75% den phobal ar an eolas faoi de réir taighde an Bhainc Ceannais
  • 93% de na daoine a cuireadh faoi shuirbhé den tuairim gur smaoineamh maith atá i slánú nó nach ndearna sé difríocht ar bith

Tá sé beagnach bliain ó tugadh isteach slánú agus tá sonraí á bhfoilsiú ag an mBanc Ceannais maidir leis an leibhéal feasachta agus cur i bhfeidhm an phróisis ar bhonn náisiúnta. Tá slánú á chur i bhfeidhm ag 80% de mhiondíoltóirí, beagnach bliain tar éis sheoladh náisiúnta an tslánaithe an 28 Deireadh Fómhair 2015, de réir an tsuirbhé a rinne RGDATA i measc a chuid comhaltaí.

Chomh maith leis sin, tháinig pobalbhreith RedC, a bhí coimisiúnaithe ag an mBanc, ar an toradh go raibh 75% den phobail ar an eolas faoi shlánú, agus tá 93% de na daoine a cuireadh faoi shuirbhé den tuairim go smaoineamh maith atá i slánú nó nach ndéanann sé difríocht ar bith.

Tugadh isteach slánú sa bhliain 2015 tar éis triail ar éirigh thar barr léi i Loch Garman, chun cuidiú le laghdú a dhéanamh ar líon na mbonn 1c agus 2c a bhí i gcúrsaíocht, mar nach raibh úsáid laethúil á bhaint as a bhformhór seo. Tá na boinn seo uathúil freisin, mar go raibh an costas táirgthe níos airde ná a luach airgid. 1.65c an costas ar bhonn 1c a dhéanamh agus 2.1c an costas ar bhonn 2c a dhéanamh.

Bhí na boinn seo á gcur i dtaisce nó fiú bhí daoine á gcaitheamh amach, agus tháinig laghdú 20% ar chumhacht ceannaigh 1c agus 2c mar gheall ar bhoilsciú ó tugadh isteach iad. Mar thoradh ar shlánú, idir Deireadh Fómhair 2015 agus Lúnasa 2016, lóisteáladh 126 milliún de na boinn seo nach bhfuil ag teastáil leis an mBanc Ceannais agus tá titim tagtha ar chostas athsholáthar buailte na mbonn.

Dúirt John Geelon, Leascheannasaí Roinne, an Roinn Íocaíochta agus Socraíochta Urrús Bhanc na hÉireann, “Tá slánú á dhéanamh ar bhonn deonach do thomhaltóirí agus do mhiondíoltóirí araon, mar sin táimid sásta go bhfuil 80% de mhiondíoltóirí á chur i bhfeidhm agus nach bhfuil aon fhadhb ag formhór an phobail a cuireadh faoi shuirbhé maidir leis an bpróiseas. Tá 126 milliún de bhoinn 1c agus 2c nach bhfuil ag teastáil lóisteáilte leis an mBanc Ceannais, agus sin comhartha maith go bhfuiltear ag glacadh le slánú. Inár dtaithí, is rud dearfach é slánú go ginearálta agus mholaimis d’aon tomhaltóir agus d'aon mhiondíoltóir nach bhfuil i mbun slánaithe go fóill triail a bhaint as an scéim.

“Le go dtarlóidh slánú, ní mór don mhiondíoltóir agus do chustaiméir araon glacadh leis; tá sé de cheart ag gach aon duine acu úsáid a bhaint as sóinseáil chruinn. Tarlaíonn slánú ar an mbille iomlán agus sin amháin, ní ar phraghsanna aonair, mar sin ní thagann aon athrú ar na pointí praghsála atá ann cheana (mar shampla rudaí atá ar phraghas 0.99c). Ní fheidhmítear slánú nuair a íoctar billí go leictreonach, ar nós cárta dochair, cárta creidmheasa nó ar chárta siopa. Ba chóir do mhiondíoltóirí a chinntiú i gcónaí go bhfuil soláthar dóthanach boinn 1 agus 2 cent acu, fiú má tá siad ag glacadh le slánú mar go bhfuil sé de cheart ag an tomhaltóir i gcónaí an tsóinseáil chruinn a fháil.”