Nuacht

Seoladh Glúin an €uro - Duais na nDaltaí 2016-2017 inniu

10 Deireadh Fómhair 2016 Irish Category

Preaseisiúint an 10 Deireadh Fómhair 2016

  • Comórtas náisiúnta eacnamaíochta seolta do dhaltaí 4ú agus 5ú bliana
  • Déantar tástáil ar eolas ar eacnamaíocht limistéar an BCE agus an euro thar 3 bhabhta dhifriúla
  • Turas ar an BCE i Frankfurt do na seaimpíní náisiúnta

Tá an cuardach bliantúil seolta ag Banc Ceannais na hÉireann agus iad sa tóir arís ar na heacnamaithe is cliste atá sa tír mar chuid dá gcomórtas náisiúnta do scoileanna, Glúin an €uro – Duais na nDaltaí.

Tugann an comórtas cuireadh do dhaltaí na hidirbhliana agus na cúigiú bliana glacadh le ról Chomhairle Rialaithe an Bhainc Ceannais Eorpaigh le teacht ar chinneadh maidir leis an mbeartas airgeadaíochta is oiriúnaí do limistéar an euro.

D'fhéadfadh foirne a bheith comhdhéanta de thriúr nó cúigear daltaí le múinteoir ainmnithe ag feidhmiú mar mheantóir.

Déantar tástáil ar rannpháirtithe thar thrí bhabhta dhifriúla. Seoladh an chéad bhabhta inniu, atá comhdhéanta de thráth na gceist ar líne maidir le ról an BCE agus Córas an Euro.

Rachaidh foirne buacacha ar aghaidh go dtí an dara babhta, tráth a n-iarrfar orthu anailís a dhéanamh ar choinníollacha eacnamaíochta agus cinneadh a dhéanamh agus a dtuairim a thabhairt i ndáil leis an ráta úis is oiriúnaí do limistéar an euro, dar leo féin. Roghnófar triúr iomaitheoirí le freastal ar an mBabhta Ceannais Náisiúnta i mí an Mhárta 2017, tráth a gcuirfidh siad a gcuid torthaí i láthair eacnamaithe sinsearacha sa Bhanc Ceannais.

Rachaidh an fhoireann bhuacach agus a múinteoir chuig an BCE i Frankfurt don searmanas bronnta, tráth a mbeidh siad i gcomhluadar Uachtarán an BCE, Mario Draghi agus na bhfoirne buacacha eile ón Eoraip.

Dúirt Gobharnóir an Bhainc Ceannais, Philip Lane, “Is ionann Glúin an €uro - Duais na nDaltaí” agus deis do na daltaí le breithniú mion a dhéanamh ar an obair atá idir lámha ag Banc Ceannais na hEorpa agus Córas an Euro agus gach banc de na bainc náisiúnta i gcur le cinntí maidir le beartas airgeadaíochta agus cobhsaíocht praghsanna. Déanann na daltaí a ghlacann páirt forbairt ar scileanna saoil atá thar a bheith luachmhar, lena n-áirítear, réasúnaíocht eacnamaíoch, anailís chriticiúil, obair foirne agus óráidíocht phoiblí”

Chun clárú do chomórtas ba chóir do na foirne cuairt a thabhairt ar www.generationeuro.ie. An 2 Nollaig 2016 an dáta deiridh do chlárú agus do chomhlánú an chéad bhabhta de thráth na gceist.

Nótaí

Is tionscnamh atá á eagrú ar fud limistéar an euro is ea Glúin an €uro - Duais na nDaltaí, atá á eagrú ag an mBanc Ceannais Eorpaigh agus ag na bainc ceannais náisiúnta atá rannpháirteach ar fud limistéar an euro, lena n-áirítear Banc Ceannais na hÉireann.

Tá eolas agus acmhainní breise do dhaltaí agus do mhúinteoirí le fáil ar láithreán gréasáin an Bhainc Ceannais, leathanach Facebook an chomórtais agus láithreán gréasáin an BCE.

Dátaí Tábhachtacha:

Babhta 1: Tráth na gCeist ar Líne [Online Quiz]: 10 Deireadh Fómhair 2016 - 2 Nollaig 2016

Babhta 2: Anailís Scríofa: 12 Nollaig 2016 - 31 Eanáir 2017

Babhta 3: An Babhta Náisiúnta i mBanc Ceannais na hÉireann: 3 Márta 2017

Babhta 4: Ócáid Eorpach Bronnadh Duaiseanna i BCE: 5 Aibreán 2017