Nuacht

Rabhadh ó Bhanc Ceannais na hÉireann maidir le Gnólacht Neamhúdaraithe

29 Samhain 2018 Press Release

Warning

D’fhoilsigh Banc Ceannais na hÉireann ('an Banc Ceannais’) ainm gnólachta idirghabháilí árachas neamhúdaraithe inniu (29 Samhain 2018), Eire Quote (Ireland) - eirequote.com. Níl Eire Quote (Ireland) údaraithe ag an mBanc Ceannais mar ghnólacht idirghabhálaí árachais nó chun aon séirbhísí airgeadais a sholáthar.

Tá liosta de na gnólachtaí neamhúdaraithe go léir arna bhfoilsiú go dtí seo le fáil at suíomh idirlíon an Bhanc Ceannais.

Is cion coiriúil é ag gnólacht/duine neamhúdaraithe seirbhísí airgeadais a sholáthar in Éirinn, ar seirbhísí iad a gceanglaítear údarú ina leith ón mBanc Ceannais faoin reachtaíocht ábhartha. Tomhaltóirí a bhíonn ag plé le gnólacht/duine neamhúdaraithe, ní bheidh siad i dteideal cúiteamh a fháil ón Scéim um Chúiteamh d’Infheisteoirí.

Aon duine ar mian leis nó léi faisnéis maidir le gnólachtaí/daoine den sórt sin a thabhairt don Bhanc Ceannais, féadfaidh sé nó sí glaoch a chur ar (01) 224 4000. Is féidir le daoine den phobal glaoch a chur ar an uimhir seo freisin chun a fháil amach cibé acu an bhfuil gnólacht ar leith údaraithe nó nach bhfuil. Ó tarmligeadh na cumhachtaí dlíthiúla riachtanacha dó i mí Lúnasa 1998, tá ainmneacha 331 gnólacht neamhúdaraithe foilsithe ag an mBanc Ceannais.

Nótaí

• Foilsítear ainm an ghnólachta thuasluaite faoi Acht an Bhainc Ceannais (Maoirsiú agus Forfheidhmiú) 2013.