Nuacht

Rabhadh ó Bhanc Ceannais na hÉireann maidir le Gnólacht Creidmheasa Miondíola Neamhúdaraithe

18 Deireadh Fómhair 2017 Irish Category

Warning

D’fhoilsigh Banc Ceannais na hÉireann ('an Banc Ceannais') ainm gnólachta neamhúdaraithe inniu (18 Deireadh Fómhair 2017), Home of Loan (France) – www.homeofloan.comCé nach bhfuil Home of Loan (France) údaraithe mar ghnólacht creidmheasa miondíola ag an mBanc Ceannais, tá infhaighteacht creidmheasa fógartha aige ar líne. 

Tá liosta de na gnólachtaí neamhúdaraithe go léir arna bhfoilsiú go dtí seo le fáil ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais.

Is cion coiriúil é ag gnólacht/duine neamhúdaraithe seirbhísí airgeadais a sholáthar in Éirinn, ar seirbhísí iad a gceanglaítear údarú ina leith ón mBanc Ceannais faoin reachtaíocht ábhartha. Ba cheart do thomhaltóirí a bheith airdeallach ar fhógraí a thairgeann iasachtaí ó ghnólachtaí nó daoine neamhúdaraithe/anaithnide. Is féidir le tomhaltóirí cláir an Bhainc Ceannais a sheiceáil ar líne chun a fháil amach an bhfuil gnólacht a bhfuil siad ag plé leis údaraithe.

Aon duine ar mian leis nó léi faisnéis maidir le gnólachtaí/daoine den sórt sin a thabhairt do Bhanc Ceannais na hÉireann, féadfaidh sé nó sí glaoch a chur ar (01) 224 4000. Is féidir le daoine den phobal glaoch a chur ar an uimhir seo freisin chun a fháil amach cibé acu an bhfuil gnólacht ar leith údaraithe nó nach bhfuil. Ó tarmligeadh na cumhachtaí dlíthiúla riachtanacha dó i mí Lúnasa 1998, tá ainmneacha 299 gnólacht neamhúdaraithe foilsithe ag an mBanc Ceannais.

Nóta

Foilsítear ainm an ghnólachta thuasluaite faoi Acht an Bhainc Ceannais (Maoirsiú agus Forfheidhmiú) 2013.