Nuacht

Rabhadh ó Bhanc Ceannais na hÉireann maidir le Gnólacht Creidmheasa Miondíola Neamhúdaraithe/Gnólacht Bainistithe Fiachais Neamhúdaraithe

01 Márta 2017 Irish Category
D’fhoilsigh Banc Ceannais na hÉireann ('an Banc Ceannais’) ainm gnólachta neamhúdaraithe inniu (1 Márta 2017), Simple Money (Switzerland). Níl Simple Money (Switzerland) údaraithe ag an mBanc Ceannais mar ghnólacht creidmheasa miondíola nó mar ghnólacht bainistithe fiachais. Tá a chuid seirbhísí fógraithe ag an ngnólacht ar an suíomh gréasáin www.simplemoney-uk.com.

Tá liosta de na gnólachtaí neamhúdaraithe go léir arna bhfoilsiú go dtí seo le fáil ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais.

Is cion coiriúil é ag gnólacht/duine neamhúdaraithe seirbhísí airgeadais a sholáthar in Éirinn, ar seirbhísí iad a gceanglaítear údarú ina leith ón mBanc Ceannais faoin reachtaíocht ábhartha. Ba cheart do thomhaltóirí a bheith airdeallach ar fhógraí a thairgeann iasachtaí ó ghnólachtaí nó ó dhaoine neamhúdaraithe/anaithnide. Is féidir le tomhaltóirí cláir an Bhainc Ceannais a sheiceáil ar líne chun a fháil amach an bhfuil gnólacht a bhfuil siad ag deileáil leis údaraithe.

Aon duine ar mian leis nó léi faisnéis maidir le gnólachtaí/daoine den sórt sin a thabhairt do Bhanc Ceannais na hÉireann, féadfaidh sé nó sí glaoch a chur ar (01) 224 4000. Is féidir le daoine den phobal glaoch a chur ar an uimhir seo freisin chun a fháil amach an bhfuil gnólacht ar leith údaraithe nó nach bhfuil. Ó tarmligeadh na cumhachtaí dlíthiúla riachtanacha i mí Lúnasa 1998, tá ainmneacha 291 gnólacht neamhúdaraithe foilsithe ag an mBanc Ceannais.

Nóta

Foilsítear ainm an ghnólachta thuasluaite faoi Acht an Bhainc Ceannais (Maoirsiú agus Forfheidhmiú) 2013.