Nuacht

Rabhadh maidir le Gnólacht Infheistíochta Neamhúdaraithe/Gnólacht Gnó Infheistíochta Neamhúdaraithe

30 Lúnasa 2017 Irish Category

WarningD’fhoilsigh Banc Ceannais na hÉireann ('an Banc Ceannais') ainm gnólachta neamhúdaraithe inniu (30 Lúnasa 2017), Genworth Consultant Group (USA). Níl Genworth Consultant Group (USA) údaraithe ag an mBanc Ceannais mar ghnólacht infheistíochta, mar ghnólacht gnó infheistíochta nó chun comhairle infheistíochta a sholáthar.

Tá liosta de na gnólachtaí neamhúdaraithe go léir arna bhfoilsiú go dtí seo le fáil ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais. 

Is cion coiriúil é ag gnólacht/duine neamhúdaraithe seirbhísí airgeadais a sholáthar in Éirinn, ar seirbhísí iad a gceanglaítear údarú ina leith ón mBanc Ceannais faoin reachtaíocht ábhartha. Tomhaltóirí a bhíonn ag plé le gnólacht/duine neamhúdaraithe, ní bheidh siad i dteideal cúiteamh a fháil ón Scéim um Chúiteamh d’Infheisteoirí.

Aon duine ar mian leis nó léi faisnéis maidir le gnólachtaí/daoine den sórt sin a thabhairt don Bhanc Ceannais, féadfaidh sé nó sí glaoch a chur ar (01) 224 4000. Is féidir le daoine den phobal glaoch a chur ar an uimhir seo freisin chun a fháil amach cibé acu an bhfuil gnólacht ar leith údaraithe nó nach bhfuil. Ó tarmligeadh na cumhachtaí dlíthiúla riachtanacha i mí Lúnasa 1998, tá ainmneacha 296 gnólacht neamhúdaraithe foilsithe ag an mBanc Ceannais.

Nótaí

Foilsítear ainm an ghnólachta thuasluaite faoi Acht an Bhainc Ceannais (Maoirsiú agus Forfheidhmiú) 2013.