Nuacht

“Eascraíonn na príomhrioscaí don chobhsaíocht airgeadais intíre as forbairtí seachtracha” – Athbhreithniú Cobhsaíochta Airgeadais an Bhainc Ceannais

11 Iúil 2019 Preas Ráiteas

Central Bank of Ireland

  • I measc na príomhrioscaí don chóras airgeadais, áirítear Brexit mí-ordúil, daingniú tobann ar dhálaí airgeadais intíre agus imní an athuair faoi inmharthanacht fiachais cheannasaigh sa limistéar euro.
  • Tá iasachtóirí éirithe níos athléimní in aghaidh cor chun donais le blianta beaga anuas trí mheán caipiteal níos airde agus tá iasachtaithe éirithe níos athléimní trí leibhéil laghdaithe fiachais, ach tá pointí leochaileacha fós ann.
  • D’aontaigh an tAire Airgeadais go dtabharfaí an chumhacht don Bhanc Ceannais úsáid a bhaint as an gCúlchiste Riosca Shistéamaigh, agus leis sin tabharfar na huirlisí macrastuamachta do chaipiteal bainc chun críche.

Tá an chéad Athbhreithniú Cobhsaíochta Airgeadais foilsithe ag an mBanc Ceannais, atá ag teacht i gcomharbacht ar an Athbhreithniú Macra-Airgeadais. San Athbhreithniú Cobhsaíochta Airgeadais, déantar measúnú ar na príomhrioscaí atá os comhair an chórais airgeadais agus ar athléimneacht an gheilleagair agus an chórais airgeadais in aghaidh na rioscaí sin. Ní hé is aidhm leis an Athbhreithniú réamhaisnéis eacnamaíoch a chur ar fáil. Ina ionad sin, dírítear ar an bhféidearthacht go dtiocfadh torthaí diúltacha chun cinn.

Sonraítear san Athbhreithniú gur rioscaí seachtracha iad na príomhrioscaí don chobhsaíocht airgeadais in Éirinn.

I measc na príomhrioscaí, áirítear:

  • Brexit mí-ordúil;
  • Daingniú tobann ar dhálaí airgeadais domhanda;
  • Imní an athuair faoi inmharthanacht fiachais cheannasaigh sa limistéar euro;
  • Titim thobann ar phraghsanna réadmhaoine Éireannaí; agus
  • Brabúsacht na hearnála baincéireachta agus an fhéidearthacht go mbeadh ardú ar iompar rioscúil.

Tá gníomh glactha ag an mBanc Ceannais, agus é ag obair le húdaráis eile intíre agus go hidirnáisiúnta, chun na rioscaí ábhartha agus láithreacha is mó a mhaolú do chur isteach ar sheirbhísí airgeadais idir AE agus an Ríocht Airgeadais i gcás Brexit mí-ordúil. Is í an phríomhfhoinse riosca don chobhsaíocht airgeadais agus don gheilleagar níos leithne turraing eacnamaíoch, ní ba mhó ná mar a bheifí ag súil leis, i gcás Brexit mí-ordúil.

Léirítear san athbhreithniú go bhfuil athléimneacht an chórais baincéireachta intíre tar éis neartú le blianta beaga anuas, trí mheán leibhéil chaipitil níos airde, foinsí maoinithe níos seasmhaí agus iasachtaí neamhthuillmheacha (NPLanna) níos ísle. Tá tuilleadh dul chun cinn de dhíth chun athléimneacht a neartú, go háirithe i leith na NPLanna atá fós ann, i leith inréiteachta agus i leith athléimneacht oibríochtúil. Tá teaghlaigh agus cuideachtaí intíre éirithe níos athléimní trí mheán leibhéil laghdaithe fiachais le blianta beaga anuas. Dá ainneoin sin, d’fhéadfadh líon suntasach teaghlach a bhfuil morgáiste athstruchtúrtha acu a bheith nochtaithe do strus eacnamaíoch.

Le beartais mhacrastuamachta an Bhainc Ceannais, lena n-áirítear na bearta morgáiste, an Cúlchiste Fritimthriallach (CCyB) agus cúlchistí caipitil d’institiúidí a bhfuil tábhacht shistéamach leo (O-SII), cuirtear le cosaint na cobhsaíochta airgeadais in Éirinn. Deimhnítear san Athbhreithniú gur coimeádadh CCyB ag 1 faoin gcéad.

Dheimhnigh an tAire Airgeadais go dtabharfar an chumhacht don Bhanc Ceannais Cúlchiste Riosca Shistéamaigh a shocrú, lena dtabharfar uirlisí an chreata macrastuamachta do chaipiteal bainc chun críche. Chun tacú le dearadh agus calabrú SyRB, tá an Banc Ceannais ag déanamh measúnú ar an ngaol idir na cúlchistí caipitil éagsúla agus ar leibhéal an chaipitil bainc is cuí le haghaidh geilleagar beag fíordhomhandaithe amhail geilleagar na hÉireann. Tabharfar an leibhéal caipitil sin san áireamh i gcalabrú cúlchiste timthriallacha agus cúlchistí struchtúrtha araon.

Dúirt an Gobharnóir Gníomhach, Sharon Donnery, “Mar gheilleagar beag rí-dhomhandaithe, a bhraitheann cuid mhór ar ghníomhaíocht ó chuideachtaí eachtrannacha ilnáisiúnta, tá Éire níos leochailí d’fhorbairtí sa timthriall domhanda agus níos tugtha do thurraingí struchtúrtha macra-eacnamaíochta.

Tá sé ríthábhachtach go leanfaimid orainn ag sonrú impleachtaí na dturraingí sin, agus ag pleanáil agus ag ullmhú chun na himpleachtaí sin a mhaolú, má thagann siad chun cinn. Tá sé ríthábhachtach chuige sin córas athléimneach a thógáil. Ní féidir athléimneacht a thógáil i ndiaidh an ghnímh - ní mór athléimneacht a bheith ann sula dtagann aon deacrachtaí chun cinn.

Leanaimid orainn ag leathnú ár gcreata macrastuamachta le cinntiú go bhfuil na huirlisí cearta againn chun rioscaí féideartha don chobhsaíocht airgeadais a bhainistiú agus is uirlis thábhachtach a bheidh sa Chúlchiste Riosca Shistéamaigh dúinn chun córas baincéireachta athléimneach a thógáil a bhfuil cúlchistí caipitil leordhóthanacha ann chun  na turraingí struchtúrtha sin a iompar.”