Nuacht

Litir Eacnamaíoch: Leis an titim ar luach steirling, méadaítear cumhacht caithimh thomhaltóirí na hÉireann

13 Iúil 2017 Irish Category

Retail

I Litir Eacnamaíoch le Paul Reddan agus Jonathan Rice, scrúdaítear an ról a bhí ag rátaí malairte maidir le praghsanna do thomhaltóirí le déanaí in Éirinn. I bhfianaise risíocht na hÉireann ar thrádáil na Breataine, leagtar béim ar an tábhacht a bhaineann le rátaí malairte déthaobhacha, eadhon EUR:GBP, a chur i gcuntas nuair a bhreithneofar an tionchar a bhíonn ag luaineacht airgeadra ar bhoilsciú na hÉireann. Tá ábharthacht ar leith ag baint leis seo i bhfianaise luaineacht Steirling i ndiaidh vótáil Brexit. Is iad seo a leanas na príomh-thátail:

  • Bíonn tionchar ag rátaí malairte airgeadra ar phraghas earraí intrádála, agus cuirtear é sin ar aghaidh chuig praghsanna táirgeoirí agus chuig praghsanna do thomhaltóirí araon. Bíonn tábhacht ar leith ag baint leis seo i gcás na hÉireann toisc gur geilleagar beag, oscailte é geilleagar na hÉireann a bhfuil cion mór den trádáil lasmuigh den limistéar euro aige.
  • Bíonn tionchar mór díréireach ag steirling ar phraghsanna earraí tomhaltais in Éirinn, i bhfad níos mó ná mar a bhíonn ag airgeadraí eile, mar gheall ar ról na Ríochta Breataine mar phríomh-chomhpháirtí trádála d’earraí tomhaltais. Allmhairítear go leor earraí ó na Stáit Aontaithe nach n-úsáidtear in Éirinn (go háirithe earraí cógaisíochta agus aerárthaí), fad gur ón Ríocht Aontaithe a thagann 50 faoin gcéad de na hearraí iomlána déantúsaíochta agus 78 faoin gcéad den bhia, de na deochanna agus den tobac a allmhairítear ó thíortha lasmuigh den limistéar euro.
  • Leis an laghdú ar luach steirling de thoradh Brexit, mínítear an fáth gur raibh an boilsciú in Éirinn ní b’ísle ná an boilsciú sna tíortha eile go léir sa limistéar euro in 2016. Ciallaíonn an laghdú ar chostas onnmhairí ón mBreatain go bhfuil praghsanna earraí tomhaltais in Éirinn an-íseal, rud a mhéadaíonn cumhacht ceannaigh réadach thomhaltóirí na hÉireann.
  • Leis an tsamhail a úsáidtear sa Litir Eacnamaíoch, tugtar le tuiscint go raibh praghsanna do thomhaltóirí tuairim is 1.2 faoin gcéad ní b’ísle le linn na bliana, mar gheall ar an dímheas tobann, leanúnach ar luach steirling díreach i ndiaidh reifreann RA-AE, ná mar a bheidís dá mbeadh steirling cobhsaí. I bhfianaise na hidirbheartaíochta atá ar siúl maidir le Brexit agus i bhfianaise ardú féideartha ar rátaí ag Banc Shasana, beidh iarmhairtí tábhachtacha ag aon luaineacht i luach steirling amach anseo ar phraghsanna in Éirinn. Dá mbeadh ardú (laghdú) géar de 1 faoin gcéad ar luach steirling, thiocfadh méadú (laghdú) 0.15 faoin gcéad ar phraghsanna in Éirinn thar thréimhse bliana.

Is ionann na tuairimí a chuirtear in iúl i Litreacha Eacnamaíocha agus tuairimí na n-údar amháin. Ní gá go léireoidh siad tuairimí oifigiúla Bhanc Ceannais na hÉireann.

Foilsítear Litreacha Eacnamaíocha ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais.