Nuacht

Eisíonn an Banc Ceannais Foireann na Bliana 2018: ‘Miotais agus Finscéalta na hÉireann’

30 Aibreán 2018 Press Release

 2018 Annual Mint Set Image

Eiseoidh Banc Ceannais na hÉireann Foireann na Bliana 2018 inniu lena gcomórtar miotais agus finscéalta Cheilteacha na hÉireann. Is féidir Foireann na Bliana a ordú ón 30 Aibreán 2018 ar €29 an ceann.

Le Foireann na Bliana 2018, comórtar miotais fhíorspéisiúla agus finscéalta fíorspéisiúla na hÉireann a bhíodh á n-insint agus á gcomhroinnt ag muintir na hÉireann le linn stair na hÉireann. Tá an fhoireann le fáil i dtiachóg álainn taispeántais agus léiríonn sí roinnt de na scéalta agus de na carachtair is ansa le muintir na hÉireann ó mhiotais agus ó fhinscéalta na hÉireann.

Léirítear roinnt de na scéalta Éireannacha is mó cáil, lena n-áirítear Fionn Mac Cumhaill agus an bradán feasa, an Táin Bó Cuailnge, Clann Lir, Cú Chulainn agus Deirdre an Bhróin. Ar na scéalta seo, áirítear Scéalta Miotaseolaíochta, Scéalta Rúraíochta agus Scéalta Fiannaíochta, scéalta a bhíodh á n-insint ag muintir na hÉireann leis na céadta bliain.

Beidh ainmníochtaí uile bhoinn na hÉireann don bhliain 2018, ó 1 cent go dtí €2, ar áireamh san fhoireann seo agus beidh siad séalaithe laistigh den tiachóg. Dhéanfadh an fhoireann seo cúis mar chuimhneachán nó mar bhronntanas álainn agus tá an-éileamh ag bailitheoirí bonn uirthi. Tá teorainn eisiúna 6,000 bonn ag gabháil le Foireann na Bliana seo. Is féidir an fhoireann a cheannach ar líne ar www.collectorcoins.ie.

CRÍOCH

Nótaí:

Sainmhíniú ar Bhoinn Niamhracha nach gcuirtear i gCúrsaíocht

  • Taispeánfar dearthaí (le hinscríbhinní) ó bhailchríoch dílse snasta ar aghaidh bonn niamhrach nach gcuirtear i gcúrsaíocht, ach ní bheidh aon idirdhealú ó thaobh na bailchríche de idir dearadh agus tábla an bhoinn.
  • Is iontach niamhracht fhoriomlán na mbonn seo. Bíonn loinnir fíorláidir acu. Ceadófar lochtanna más mionlochtanna iad agus má tá siad in áiteanna neamhfheiceálacha. I gcás bonn atá déanta de tháirmhiotal, ceadófar céim níos ísle loinnreach agus foirfeachta.
  • Déanfar boinn a bhualadh go hiomlán chuig ardchaighdeán ó thaobh dealraimh, lena n-áirítear corr. Ceadófar éagsúlacht i ngile bailchríche na mórghné dearthóireachta le linn shaolré dílse, ar choinníoll go mbeidh aon bhonn ar leith aonghnéitheach go substaintiúil ar an gcaoi seo.

Boinn Inbhailithe 

  • Is é Banc Ceannais na hÉireann (mar ghníomhaire don Aire Airgeadais) an t-aon chomhlacht a bhfuil údarás reachtúil aige boinn dlíthairgthe a eisiúint in Éirinn, i bhfoirm bonn a chuirtear i gcúrsaíocht agus i bhfoirm boinn chomórtha. Eisítear táirgí bonn inbhailithe in ómós do dhaoine a mbaineann tábhacht náisiúnta leo agus chun comóradh a dhéanamh ar imeachtaí suntasacha i stair na hÉireann. Go hiondúil, seoltar ceithre nó cúig cinn de tháirgí nua gach bliain.