Nuacht

Fás láidir tuartha, ach ní féidir talamh slán a dhéanamh de rud ar bith

12 Aibreán 2018 Irish Category

Central Bank of Ireland

  • Fás intíre á spreagadh ag gníomhaíocht intíre agus ag fás idirnáisiúnta, le hionchur dearfach ó éileamh intíre agus ó onnmhairí araon
  • De réir mar a bhíonn an geilleagar ag druidim i dtreo na lánfhostaíochta, meastar go dtiocfaidh méadú níos tapúla ar phánna
  • Ciallaíonn cineál gheilleagar na hÉireann gur gá go mbeadh airgeadas an náisiúin agus airgeadas príobháideach níos seasmhaí i leith teagmhas gan choinne

Tá an dara Faisnéis Ráithiúil do 2018 foilsithe ag an mBanc Ceannais inniu. San Fhaisnéis Ráithiúil, scrúdaítear treochtaí atá feicthe le déanaí sa gheilleagar intíre agus cuirtear réamhaisnéisí an Bhainc Ceannais do gheilleagar na hÉireann i láthair, mar aon lena thuairimí ar shaincheisteanna beartais mhaicreacnamaíoch intíre.

Tuairiscítear an méid seo a leanas san Fhaisnéis Ráithiúil:

  • Athbhreithnithe beaga aníos ar na réamh-mheastacháin fáis do na blianta 2018 agus 2019. Tuartar go dtiocfaidh fás 4.8% i mbliana agus fás 4.2% an bhliain seo chugainn ar an ngeilleagar (suas 0.4% agus 0.3% faoi seach ón bhFaisnéis Ráithiúil dheireanach)
  • Meastar go mbeidh ráta dífhostaíochta 5.6% ann, ar an meán, in 2018 agus 4.8% in 2019 (síos 0.1% agus 0.4% faoi seach ón bhFaisnéis Ráithiúil dheireanach)
  • Tuartar go mbeidh 99,000 duine breise ag obair faoi dheireadh 2019 - meastar go dtiocfaidh méadú 3.3% ar an gcúiteamh in aghaidh an fhostaí, ar an meán, i mbliana agus an bhliain seo chugainn
  • Beidh méadú de réir a chéile ar bhoilsciú príomha go dtí 0.8% ar an meán in 2018 agus 0.9% in 2019
  • Modh nua chun críochnú tithíochta a thuar (Caibidil ar Gheilleagar na hÉireann, Bosca C), tuairim is 23,500 aonad réamh-mheasta don bhliain 2018 agus 28,500 aonad réamh-mheasta don bhliain 2019

Mar a deir, Mark Cassidy, an Stiúrthóir ar Eacnamaíocht agus Staidreamh: “Tá geilleagar na hÉireann ag feidhmiú go maith i gcónaí, rud atá á spreagadh ag gníomhaíocht intíre agus fás eacnamaíoch idirnáisiúnta. Sna réamhaisnéisí seo, tuartar tuilleadh fáis ar thuilleamh i mbliana agus an bhliain seo chugainn, rud a chiallaíonn, i dteannta leis na hionchais do bhoilsciú neamhthoirtéiseach, gur chóir mbeadh fíorioncaim níos airde agus fíorchumhacht ceannaigh níos airde ag teaghlaigh de bharr pánna níos airde.”

Ina theannta sin, leagtar amach rioscaí san Fhaisnéis Ráithiúil don fhás réamh-mhéasta ar gheilleagar na hÉireann, lena n-áirítear an éiginnteacht a bhaineann le himpleachtaí athchóiriú cánach SA, athruithe féideartha ar an gcánachas ar ghníomhaíochtaí digiteacha agus an riosca a bhaineann le bearta cosantaíocha trádála idirnáisiúnta.

Deir an tUasal Cassidy freisin: “Cé go bhfuil na réamhaisnéisí seo dearfach, ní mór dúinn a chur san áireamh gur geilleagar ardoscailte é geilleagar na hÉireann agus, dá bhrí sin, tá luaineacht ag baint leis freisin, rud a chiallaíonn nach féidir linn talamh slán a dhéanamh de rud ar bith. Tá naisc fhorleathana againn le geilleagair eile trí bhíthin na trádála, na teicneolaíochta agus an airgeadais agus, dá bhrí sin, d’fhéadfaí go gcuirfí an fás sa gheilleagar ar strae dá dtarlódh teagmhais gan choinne. Dá bhrí sin, ní mór an t-airgeadas náisiúnta agus an t-airgeadas príobháideach a bhainistiú ar bhealach ina n-ullmhófar do theagmhais gan choinne, seachas a bheith ag brath go rómhór nó go neamhréalaíoch ar réamhaisnéisí an Bhainc Ceannais.”

Leanann an Banc Ceannais de bhéim a leagan ar na rioscaí a bhaineann le Brexit. Má bhíonn athrú substaintiúil ar an gcóras lena rialaítear trádáil RA-AE, beidh atreorú costasach acmhainní ann chuig córais nua lóistíochta agus próiseála trádála. Má théann na costais onnmhairíochta agus allmhairíochta in airde mar gheall ar am breise iompair agus mar gheall ar ualaigh bhreise riaracháin, beidh iarmhairtí diúltacha aige sin ar thomhaltóirí agus ar onnmhaireoirí Éireannacha araon. Foilsítear taighde nua ar an éifeacht a bheadh ag dímheas barúlach 10% ar luach steirling (Geilleagar na hÉireann, Bosca B) agus léirítear laghdú beag ar fhostaíocht agus ar phánna dá bharr sin.

Mar fhocal scoir, deir an tUasal Cassidy: “Go dtí seo, bhí Éire in ann éifeacht Brexit a sheasamh gan anró mar gheall ar an éileamh intíre agus mar gheall ar dhálaí dearfacha eacnamaíocha domhanda. Má bhíonn aon chonstaicí ar an gcaoi ina mbíonn an RA ag trádáil leis an AE, áfach, is dócha go nginfear laghdú ar chaighdeáin mhaireachtála fhadtéarmacha in Éirinn, go laghdófar raon na n-earraí allmhairíochta a bheidh ar fáil do thomhaltóirí na hÉireann agus is dócha go mbeidh sé níos deacra do ghnólachtaí intíre a gcuid earraí a onnmhairiú.”