Nuacht

Bonn Profa Airgid €10 eisithe ag an mBanc Ceannais in ómós do Dhroichead na Life

24 Samhain 2017 Irish Category

Ha'penny Bridge coin

·       Líon teoranta de bhoinn chomórtha in ómós do Dhroichead na Life i mBaile Átha Cliath

·       An bonn á eisiúint mar chuid de Chlár Eorpach Airgid ‘Móraoiseanna na hEorpa’

·       Ar díol ar €60 ar collectorcoins.ie

Tá líon teoranta de bhoinn phrofa airgid €10 nua eisithe ag Banc Ceannais na hÉireann in ómós do Dhroichead na Life i mBaile Átha Cliath. Ba é Droichead na Life, a tógadh in 1816, an chéad droichead do choisithe i mBaile Átha Cliath agus rinne sé ceangal idir tuairsceart agus deisceart na cathrach. Rinneadh bonn a bhronnadh ar an Ardmhéara, Mícheál Mac Donncha, agus cuirfear ar taispeáint é i dTeach an Ardmhéara.

Ó tharla gur ceann de mhór-shainchomharthaí Bhaile Átha Cliath é Droichead na Life, rinneadh bronnadh speisialta den bhonn ar bhainisteoir Fhoireann Shinsearach Peile Bhaile Átha Cliath, Jim Gavin, agus ar bhainisteoir Fhoireann bhuacach Shinsearach Peile na mBan, Mick Bohan, chun a gcuid éachtaí a cheiliúradh.

Tá an bonn seo mar chuid den Chlár Eorpach Airgid ‘Móraoiseanna na hEorpa’, atá ar siúl ó 2016-2020. Tá baint ag an gClár le nóta bainc euro freisin lena gcomórtar an ailtireacht ar nótaí bainc €20 - €500. Le heisiúint 2017, comórtar “Aois an Iarainn agus na Gloine - Comhthéacs Éireannach”. Reáchtáladh comórtas oscailte le haghaidh dearthaí boinn ar an téama seo agus, ar an dearadh buaiteach a dhear Antonella Napolione, léirítear Droichead na Life trí shúile coisí atá ag dul trasna a chosáin shainiúil. Rinne BH Mayer Mint sa Ghearmáin an bonn seo a bhualadh in airgead steirling .925.

Tá bonn Dhroichead na Life ar díol don phobal ar €60 tá teorainn eisiúna 4,000 bonn ag gabháil leis. Is féidir na boinn a cheannach ar ár suíomh nua collectorcoins.ie. Is féidir le custaiméirí reatha agus custaiméirí ionchasacha breathnú ar ár gcuid bonn go léir agus eolas a fháil futhú ansin.  Beidh custaiméirí cláraithe ábalta orduithe agus stair a gcuid orduithe a sheiceáil.