Nuacht

An geilleagar agus an córas airgeadais neartaithe ach leochaileach i gcónaí do thurraingí seachtracha díobhálacha

15 Meitheamh 2018 Irish Category

Central Bank of Ireland

  • Fás suntasach ar an ngeilleagar ach tá Brexit ina mhórbhagairt
  • Leis an tsuaiteacht bhreise atá le feiceáil i margadh airgeadais na hEorpa le míonna beaga anuas, tugtar le tuiscint go bhfuil féidearthacht níos mó ann go dtarlóidh turraingí diúltacha
  • I measc na spreagthaí geopholaitiúla riosca, tá socruithe cánach idirnáisiúnta, agus caomhnaitheacht sa trádáil idirnáisiúnta

Tá an chéad Athbhreithniú Macra-Airgeadais do 2018 foilsithe ag an mBanc Ceannais. Tugann sé forbhreathnú ar staid reatha an gheilleagair macra-airgeadais in Éirinn agus leagann sé béim ar na rioscaí atá ann don gheilleagar agus don chóras airgeadais.

Sa tuarascáil seo ón mBanc Ceannais, tugtar faoi deara go bhfuil fás suntasach tagtha ar an ngeilleagar intíre ach go n-eascraíonn rioscaí ionchasacha as sin. Cuirtear san áireamh sa mheasúnú seo an dul chun cinn atá déanta go dtí seo chun an fiachas príobháideach agus poiblí araon a laghdú agus chun iasachtaí neamhthuillmheacha san earnáil baincéireachta a laghdú.

Cuirtear in iúl san Athbhreithniú gurb é cinneadh na RA an tAontas Eorpach a fhágáil ceann de na príomhrioscaí atá ag bagairt ar an ngeilleagar intíre. Ar na rioscaí atá ann don gheilleagar de thoradh Brexit, áirítear:

  • An fhéidearthacht go gcuirfidh gnóthaí intíre agus teaghlaigh cinntí infheistíochta ar an méar fhada go dtí go mbeidh soiléireacht ann faoin gcaidreamh trádála leis an RA amach anseo.
  • Moilliú ar fhás eacnamaíoch sa RA agus in Éirinn, rud a dhéanfaidh difear do phunanna iasachta na mbanc Éireannach, agus méadú ionchasach ar iasachtaí neamhthuillmheacha.
  • Dúshláin oibríochtúla nua do bhainc Éireannacha atá ag iarraidh fiachas a eisiúint tríd an RA.
  • An fhéidearthacht go gcaillfidh gnólachtaí árachais na RA an ceart chun gnó a dhéanamh in Éirinn, rud a dhéanfadh difear don iomaíocht agus d’infhaighteacht táirgí.

Mar a deir Sharon Donnery, an Leas-Ghobharnóir, Baincéireacht Cheannais: ‘Eascraíonn rioscaí forleathana d’Éirinn as Brexit, go háirithe as Brexit ‘crua’ nó Brexit suaiteach. Tá an deis chun raon saincheisteanna do ghnólachtaí a réiteach ag imeacht go tapa agus ní foláir pleananna teagmhasacha a ullmhú ina n-iomláine.’

Ar na rioscaí eile a luaitear san Athbhreithniú don chóras airgeadais agus don gheilleagar níos leithne, áirítear:

  • Luachálacha sócmhainní sa mhargadh airgeadais idirnáisiúnta, a bhfuil a bhformhór díobh ard agus leochaileach d’athruithe ar mheon an mhargaidh
  • Fás ar phraghsanna réadmhaoine cónaithe chun go dtabharfar luachálacha gar do na luachálacha sin arna míniú trí bhuntosca, nó os a gcionn
  • Comhchruinniú risíochtaí banc in iasachtú a bhaineann le réadmhaoin
  • Ardleibhéil fiachais in earnáil na dteaghlach agus san earnáil phoiblí, agus is í earnáil na dteaghlach in Éirinn an ceathrú ceann is measa san AE ó thaobh fiachais de
  • Líon sách beag íocóirí ag déanamh suas cion mór den cháin chorparáideach, rud a fhágann go bhfuil an Stát neamhchosanta ar thurraingí aonuaire agus ar fhorbairtí polaitiúla
  • Gluaiseacht níos leithne i dtreo na caomhnaitheachta sa trádáil idirnáisiúnta
  • Athruithe ar shocruithe cánach corpáráide idirnáisiúnta san AE agus sna SA. Go leor gnólachtaí idirnáisiúnta a thugann leibhéil shuntasacha d’infheistíocht dhíreach choigríche isteach, bíonn siad ag oibriú in Éirinn mar bhonn dá gcuid oibríochtaí AE.

Mar a deir an Leas-Ghobharnóir Donnery: ‘Cé go bhfuil ag éirí go maith leis an ngeilleagar intíre, gabhann rioscaí ionchasacha leis an dea-fheidhmíocht sin. D’fhéadfadh go gcuirfeadh fás níos láidre le brúnna an róbhorrtha mura mbainistítear go stuama é. Is doiligh a thuar céard atá in ann d’Éirinn amach anseo i bhfianaise an réimse rioscaí atá ag bagairt ar Éirinn, agus i bhfianaise gur geilleagar beag, oscailte é geilleagar na hÉireann atá leochaileach do luaineacht. Ar a shon sin, is féidir linn a áirithiú go bhfuil na bainc agus an córas airgeadais sách athléimneach chun turraingí gan choinne a sheasamh. Chuige sin, is ceart dúinn breithniú gníomhach a dhéanamh ar úsáid a bhaint as na huirlisí go léir atá ar fáil dúinn chun fás inmharthana, cothrom a chothabháil.’