Nuacht

Leibhéil ardaithe riosca agus éiginnteachta de bharr Brexit agus ionchas domhanda níos lú fabhraí – foláireamh ón mBanc Ceannais

05 Aibreán 2019 News Categories - Irish

Central Bank of Ireland

  • Meastar go dtiocfaidh maolú beag in 2019 ar an bhfeidhmíocht láidir eacnamaíoch a bhí ann in 2018, agus go mbeidh fás eacnamaíoch ag 4.2%.
  • Má shocraítear ar chomhaontú maidir le Brexit, beidh an réamhaisnéis d’fhás i ngeilleagar na hÉireann fós dearfach, cé go mbeadh sé faoi réir éiginnteacht áirithe i bhfianaise na timpeallachta eacnamaíche domhanda níos lú fabhraí.
  • Bheadh impleachtaí láithreacha ábhartha eacnamaíocha ag Brexit mí-ordúil, agus bheadh tionchar aige ar formhór na réimsí sa ghníomhaíocht eacnamaíoch.

Tá an dara Faisnéis Ráithiúil do 2019 foilsithe ag an mBanc Ceannais inniu. San Fhaisnéis Ráithiúil seo, scrúdaítear na treochtaí atá feicthe le déanaí sa gheilleagar intíre agus cuirtear réamhaisnéisí an Bhainc Ceannais do gheilleagar na hÉireann i láthair, mar aon lena thuairimí ar shaincheisteanna beartais eacnamaíoch intíre.

Tuairiscítear an méid seo a leanas san Fhaisnéis Ráithiúil:

  • Meastar go mbeidh fás eacnamaíoch ag 4.2% i mbliana agus go dtiocfaidh maolú air go 3.6% in 2020.
  • Tuartar go dtiocfaidh laghdú ar dhífhostaíocht go 5.4% agus go 5% in 2019 agus in 2020 faoi seach.
  • Meastar go dtiocfaidh méadú 3.6% ar chúiteamh in aghaidh an fhostaí in 2019 agus méadú 3.7% in 2020.
  • Meastar go dtiocfaidh ardú meánach ar bhoilsciú. Tugann na meastacháin atá anois ann le fios go mbeidh boilsciú ICPT ag 0.7% agus ag 1.1% in 2019 agus in 2020 faoi seach.

Is é príomh-réamhaisnéis lárnach an Bhainc Ceannais go dtiocfaidh fás ar luas sách seasmhach ar an mbunghníomhaíocht eacnamaíoch in 2018, cé go bhfuil ionchas ann go dtiocfaidh maolú áirithe ar an bhfás sin in 2019 agus in 2020. Tá lagú tagtha ar luas na gníomhaíochta eacnamaíche domhanda agus luas ghníomhaíocht eacnamaíoch an limistéir euro ó bhí fómhar na bliana seo caite ann, agus laghdaíodh ionchais fáis do phríomhpháirtithe trádála na hÉireann tuilleadh le roinnt míonna anuas, leis sin, dealraíonn sé go bhfuil rioscaí don ionchas eacnamaíoch domhanda ar an taobh thíos.

Bunaíodh na príomh-réamhaisnéisí ar an tuiscint go socraítear ar chomhaontú maidir le Brexit agus go mbeidh idirthréimhse i bhfeidhm go dtí deireadh 2020. I bhfianaise nádúr Brexit, atá gan fasach, tá éiginnteacht shuntasach ann maidir leis na torthaí féideartha. Tá anailís foilsithe cheana féin ag an mBanc Ceannais ar na héifeachtaí féideartha a bheadh ag cás EDT ordúil, ag comhaontú amhail comhaontú Limistéir Saorthrádála agus, le déanaí, ag Brexit mí-ordúil, gan chomhaontú. 

Dúirt Mark Cassidy, an Stiúrthóir ar Eacnamaíocht agus Staidreamh:

"Tá an t-ionchas don gheilleagar dearfach ar an iomlán, cé go measaimid go dtiocfaidh maolú ar fhás in 2019 agus in 2020, tar éis feidhmíocht láidir a bheith ann le blianta beaga anuas. Is léiriú é an maolú sin ar thionchar na timpeallachta idirnáisiúnta níos laige agus ar acmhainneacht laghdaithe d’fhás sa gheilleagar intíre. Measaimid anois go mbeidh fás 4.2% ann i mbliana agus fás 3.6% ann an bhliain seo chugainn.

“Thugamar rabhadh cheana féin maidir leis na héifeachtaí láithreacha suntasacha a d’fhéadfadh a bheith ag Brexit gan chomhaontú ar gheilleagar na hÉireann. Tugtar le tuiscint inár n-anailís go bhféadfadh Brexit mí-ordúil, gan chomhaontú, rata fáis gheilleagar na hÉireann a laghdú thart ar 4 phointe faoin gcéad sa chéad bhliain agus dhá phointe faoin gcéad eile sa dara bliain. Thabharfadh sé sin le fios go mbeadh fás dearfach fós ann i mbliana agus an bhliain seo chugainn, ach bheadh an fás sin níos ísle ná mar atá sna príomh-réamhaisnéisí - go mbeadh fás measta idir 1.0 faoin gcéad agus 1.5 faoin gcéad in 2019 agus in 2020 faoi chás Brexit gan chomhaontú - cé go bhfuil roinnt mhaith éiginnteachta ann maidir leis na meastacháin sin i bhfianaise nádúr Brexit, atá gan fasach.  

“Cé gur Brexit atá i réim fós sa díospóireacht phoiblí, tá rioscaí eile láithreacha ann don gheilleagar. Tá lagú tagtha ar an ionchas eacnamaíoch idirnáisiúnta ó foilsíodh an Fhaisnéis Ráithiúil dheireanach. I bhfianaise go bhfuil geilleagar beag, oscailte ag Éirinn agus i bhfianaise an róil thábhachtaigh atá ag gnólachtaí ilnáisiúnta sa gheilleagar, beidh tionchar tábhachtach ar fheidhmíocht eacnamaíoch na hÉireann ag forbairtí dálaí trádála agus dálaí eacnamaíocha domhanda agus ag gluaiseachtaí suntasacha sna mór-rátaí malairte."